Má dhéanann tú amhlaidh agus go n‑ordaíonn Dia amhlaidh duit, féadfaidh tú cur suas le d'ualach, agus rachaidh na daoine seo go léir abhaile faoi shíocháin.”
Ach d'fhreagair na fir: “Ná téighse amach. Má chuirtear an teitheadh orainn, is cuma leo fúinn; agus má mharaítear leath againn, is cuma leo fúinn. Ach tusa! is fiú deich míle dínn thusa! Dá bhrí sin is fearr thusa a bheith ullamh le fóirithint orainn ón gcathair.”
Ach tháinig Aibísí mac Zarúá i gcabhair air, threascair an Filistíneach agus mharaigh. Ansin d'áitigh lucht leanúna Dháiví air á rá: “Ná téigh chun catha riamh arís linn,” ar siad, “d'fhonn nach múchfá lóchrann Iosrael.”
Féach! thug an Tiarna an tsabóid daoibh; uime sin tugann sé dóthain dhá lá de bhia daoibh ar an séú lá; fanadh gach duine agaibh mar a bhfuil sé; ná fágadh aon duine a bhaile ar an seachtú lá.”
Bídís-sean i mbun breithiúnais don phobal i gcónaí. Cuiridís gach fadhb mhór faoi do bhráidse, ach breithnídís féin na mioncheasta, rud a fhágfaidh an scéal níos saoraidí agatsa mar go roinnfear an t‑ualach leat.
Bhí aighneas agus argóint fhada ag Pól agus ag Barnabas leo, agus shocraigh siad go rachadh Pól agus Barnabas agus roinnt eile acu go Iarúsailéim chun dul i gcomhairle leis na haspail agus leis na seanóirí faoin gceist seo.
Foilsiú ó Dhia faoi deara dom dul ann; agus i gcomhairle phríobháideach leis na cinn urra chuir mé faoina mbráid an dea-scéal mar a bhím á fhógairt i measc na ngintlithe. Rinne mé amhlaidh le heagla go mba saothar in aisce dom an cúrsa a bhí tugtha agam agus a bhí á thabhairt agam go fóill.