Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Eaxodus 18:22

An Bíobla Naofa 1981

Bídís-sean i mbun breithiúnais don phobal i gcónaí. Cuiridís gach fadhb mhór faoi do bhráidse, ach breithnídís féin na mioncheasta, rud a fhágfaidh an scéal níos saoraidí agatsa mar go roinnfear an t‑ualach leat.

Féach an chaibidil Cóip

12 Tagairtí Cros  

Agus maidir leatsa, a Eazrá, de réir eagna do Dhé atá i do sheilbh, ceap scríobhaithe agus breithiúna a riarfaidh an chóir ar mhuintir uile an chúige thar Eofrataes, orthu siúd go léir is é sin arb eol dóibh dlí do Dhé; an mhuintir nach eol dóibh é, déan é a theagasc dóibh.

Déanfar thú féin agus do phobal mar aon leat a thraochadh. Tá an obair róthrom duit; ní féidir duit é a dhéanamh leat féin.

Má dhéanann tú amhlaidh agus go n‑ordaíonn Dia amhlaidh duit, féadfaidh tú cur suas le d'ualach, agus rachaidh na daoine seo go léir abhaile faoi shíocháin.”

Bhídís i mbun breithiúnais don phobal i gcónaí. Chuiridís na mórcheasta faoi bhráid Mhaois, ach réitídís féin na mioncheasta.

Ansin thug mac na hIosraelaí diamhasladh don Ainm agus mhallaigh é. Thugadar go Maois é (Sealomaít iníon Dibrí de threibh Dán ainm a mháthar).

Tiocfaidh mé anuas chun labhairt leat ansiúd agus tógfaidh mé cuid den spiorad atá ortsa agus cuirfidh mé orthu siúd é. Iompróidh siad mar sin cuid d'ualach na muintire seo in éineacht leat agus ní bheidh ort é a iompar leat féin amháin a thuilleadh.

An dream a rug air ag bailiú brosna, thugadar leo é os comhair Mhaois agus Árón agus an chomhthionóil go léir.

Sheasadar i láthair Mhaois agus Eileázár an sagart, agus i láthair na gceannairí agus an chomhthionóil ag doras Bhoth na Teagmhála, agus dúirt:

Ansin tháinig cinn finí shliocht chlann Ghileád mac Mháicír mac Mhanaise, sliocht de chlann Iósaef, chun tosaigh agus labhraíodar le Maois agus leis na taoisigh, cinn finí chlann Iosrael, agus dúradar:

Is ar an ábhar céanna a íocann sibh cánacha; feidhmeannaigh Dé is ea na bailitheoirí agus caitheann siad a ndúthracht ar an obair seo.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí