Ansin d'ofráil Iatró athair céile Mhaois íobairt loiscthe agus ofrálacha do Dhia agus tháinig Árón agus seanóirí Iosrael go léir chun an béile a chaitheamh i gcuideachta athair céile Mhaois os comhair Dé.
Nuair a chonaic athair a chéile a raibh aige á dhéanamh don phobal dúirt sé: “Cad chuige an t‑ualach seo go léir a ghabháil ort féin ar son an phobail? Cad a b'áil leat i do shuí leat féin agus an pobal ina seasamh i do thimpeall ó mhaidin go tráthnóna?”
is ann a bhunófar an chathaoir ríoga faoi chineáltas, agus beidh ina shuí inti faoi dhílseacht, i mboth Dháiví, breitheamh ar mór leis an ceart agus ar luath chuige cíocras na córach.”