Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Eaxodus 17:14

An Bíobla Naofa 1981

Ansin dúirt an Tiarna le Maois: “Scríobh an beart seo síos i leabhar lena chuimhne a choimeád agus aithris i gcomhchlos Iósua go scriosfaidh mé cuimhne Amailéic de dhroim na talún ar fad.”

Féach an chaibidil Cóip

30 Tagairtí Cros  

Nuair a bhí Sól tar éis bháis, d'fhill Dáiví ó ár na nAmailéiceach agus chaith dhá lá i Zicleag.

Eadóm, Móáb, na hAmónaigh, na Filistínigh, Amáiléic - agus ó Hadad Eizir mac Rachob, rí Zóbá.

Cuid acu, cúig céad fear de shliocht Shimeon, shroich siad Sliabh Shaeír; Palatiá, Neairiá, Rafáiá, agus Uizíéil, clann mhac Isí, a bhí i gceannas orthu.

Bhriseadar ar a raibh fágtha d'fhuíoll áir na nAmailéiceach agus tá siad ina gcónaí ann go dtí inniu féin.

an mbrisfimidne d'aitheanta arís agus cleamhnais a dhéanamh arís leis na ciníocha a chleachtann a leithéid de ghráiniúlacht? Nach gcuirfeadh sin an oiread sin feirge ort go ndéanfá sinn a scriosadh i slí nach bhfágfaí fuíoll áir ná fear inste scéil?

Rachaidh gach cuimhne air sa tír ar ceal, Agus ní mhairfidh a thásc ina dhúiche.

Mo mhairg nár scríobhadh síos mo bhriathra, Nár inscríobhadh iad ar scrolla,

Lochtaigh tú na ciníocha, dhamnaigh tú na héagráifigh; scrios tú a n‑ainm go brách na breithe.

Beidh an lá seo agaibh mar lá cuimhneacháin, agus ní foláir daoibh é a cheiliúradh mar shollúin don Tiarna. Ní foláir daoibh é a fhógairt ina lá féile ó ghlúin go glúin go deo.

Beidh sé mar a bheadh marc ar do láimh, nó mar chuimhneachán ar chlár d'éadain i dtreo go mbeidh dlí an Tiarna ar do bheola de shíor; óir is le láimh láidir a thug an Tiarna thú as an Éigipt amach.

Threascair Iósua Amailéic agus a mhuintir chun láir le faobhar claímh.

Agus chuir Maois aitheanta uile an Tiarna i scríbhinn agus d'éirigh sé go moch lá arna mhárach agus thóg sé altóir faoi bhun an tsléibhe, le dhá ghallán déag do dhá threibh déag Iosrael.

Ach d'fhreagair an Tiarna Maois: “An té a pheacaigh i m'aghaidh is ea a scriosfaidh mé as mo leabhar.

Dúirt an Tiarna le Maois: “Cuir na focail sin i scríbhinn, óir is de réir na bhfocal sin atá an conradh déanta agam leatsa agus le hIosrael.”

Beidh cuimhne ar an bhfíréan faoi bheannacht, ach lobhfaidh ainm an urchóidigh.

“Is mar seo a deir an Tiarna, Dia Iosrael: ‘Na briathra uile a labhair mé leat, scríobh i leabhar iad.

“Tóg thusa scrolla agus scríobh ann na briathra uile dár labhair mise leat i dtaobh Iarúsailéim agus Iúdá agus an uile chine ón lá ar labhair mé i dtús leat go dtí inniu.

Ansin d'fhéach Balám ar Amáiléic agus chan a laoi agus dúirt: “Amáiléic a bhí ar thús na gciníocha, ach dísceofar a shliocht go brách.”

Bhreacadh Maois i scríbhinn na háiteanna óna dtosaídís nuair a chuiridís chun bealaigh faoi ordú an Tiarna. Seo iad a gcéimeanna de réir na n‑áiteanna ónar thosaíodar.

Scríobh Maois an dlí seo agus thug é do na sagairt, clann Léiví, an mhuintir a d'iompraíodh áirc chonradh an Tiarna, agus do sheanóirí Iosrael.

déarfaidh sibhse leo: ‘Dheighil uiscí na Iordáine ó chéile roimh áirc chonradh an Tiarna, agus nuair a ghabh sí thar Iordáin d'imigh uiscí na habhann ar ceal. Is cuimhneachán síoraí ag clann Iosrael air sin na clocha seo.’ ”

agus sheol an Tiarna ar mhisean thú á rá: ‘Imigh agus leag na peacaigh úd, na hAmáiléicigh, faoin mbang agus troid ina n‑aghaidh nó go scriosfar iad.’

Faoin am ar shroich Dáiví agus a chuid fear Zicleag, ar an tríú lá, bhí ionradh déanta ag na hAmailéicigh ar an Neigib agus ar Zicleag. Ghabhadar Zicleag de ruathar agus chuireadar trí thine é,

Bhí Dáiví á dtreascairt ó chlapsholas go tráthnona lá arna mhárach agus chuir sé iad faoin mbang. Níor tháinig aon duine slán ach ceithre chéad óglach a léim ar muin camall agus a theith.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí