Ach bhuail tuirse lámha Mhaois agus fuaireadar cloch agus chuireadar faoi í. Shuigh sé uirthi agus Árón agus Húr ag coinneáil a lámh in airde, duine ar gach taobh de, agus bhí a lámha gan cor astu go fuineadh gréine.
Ansin dúirt an Tiarna le Maois: “Scríobh an beart seo síos i leabhar lena chuimhne a choimeád agus aithris i gcomhchlos Iósua go scriosfaidh mé cuimhne Amailéic de dhroim na talún ar fad.”
titfidh siad le béal an chlaímh; seolfar ina mbránna iad ar fud na náisiún uile; agus beidh Iarúsailéim á satailt ag gintlithe nó go dtiocfaidh aimsirí na ngintlithe chun críche.
Ghabh Iósua Macaedá an lá céanna agus d'imir sé faobhar claímh ar an gcathair agus ar a rí. Chuir sé iad go léir faoin mbang, agus gach duine beo a bhí inti, gan ligean le haon duine. Thug sé an íde chéanna ar rí Mhacaedá agus a thug ar rí Ireachó.
Agus thug an Tiarna Láicís ar láimh d'Iosrael agus ghabhadar í ar an dara lá; d'imríodar faobhar claímh uirthi agus ar gach duine inti mar a rinneadar le Libneá.
ghabhadar í agus d'imríodar faobhar claímh uirthi féin, ar a rí agus ar gach láthair a bhain léi, agus ar gach duine inti; agus, faoi mar a rinne sé le hEaglón, níor fhág sé fear inste scéil inti; chuir sé faoin mbang í le gach dúil bheo inti.
Ghabh Iósua cathracha na ríthe sin go léir agus a ríthe go léir; d'imir sé faobhar claímh orthu agus iad curtha faoin mbang, faoi mar a d'ordaigh Maois óglach an Tiarna.