Ach bhuail tuirse lámha Mhaois agus fuaireadar cloch agus chuireadar faoi í. Shuigh sé uirthi agus Árón agus Húr ag coinneáil a lámh in airde, duine ar gach taobh de, agus bhí a lámha gan cor astu go fuineadh gréine.
Dúirt sé leis na seanóirí: “Fanaigí anseo liom go bhfillfimid ar ais chugaibh; agus seo iad Árón agus Húr agaibh, agus má bhíonn caingean ag aon duine le réiteach, téadh sé chucu.”
Gach ar ordaigh an Tiarna do Mhaois a óglach, thug seisean mar ordú do Iósua, agus chuir Iósua i gcrích é, gan faillí a dhéanamh ar aon ní dár ordaigh an Tiarna do Mhaois.