Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Eaxodus 16:8

An Bíobla Naofa 1981

Dúirt Maois: “Um thrathnóna tabharfaidh an Tiarna feoil daoibh le hithe, agus ar maidin arán go smig; óir chuala an Tiarna na gearáin a rinne sibh ina choinne; ní inar gcoinne-ne bhur ngearain - óir céard é sinne? - ach i gcoinne an Tiarna.”

Féach an chaibidil Cóip

17 Tagairtí Cros  

“Chuala,” ar sé, “gearáin chlann Iosrael. Abair é seo leo: ‘Idir dhá sholas tráthnóna beidh feoil le hithe agaibh, agus ar maidin líonfar sibh le harán go smig; beidh a fhios agaibh ansin gur mise, an Tiarna, bhur nDia.’ ”

Dúirt Maois le hÁrón: “Abair le comhthionól chlann Iosrael go léir: ‘Tagaigí os comhair an Tiarna óir thug sé cluas do bhur ngearáin.’ ”

Agus chrom an pobal ar chasaoid le Maois: “Tabhair dúinn uisce le hól!” a deiridís. D'fhreagair Maois: “Cad a b'áil libh ag casaoid liom? Cad ab áil libh ag promhadh an Tiarna?”

Óir bíonn an t‑amadán ag stealladh amaidí agus a chroí ag meabhrú an oilc, chun an urchóid a chur i gcrích, chun labhairt go hiomrallach faoin Tiarna, chun an t‑ocrach a fhágáil agus a bholg folamh agus deoch a dhiúltú don té a bhfuil tart air.

Ó tharla gur thug tú aghaidh do chraois orm agus gur tháinig do shotal fad le mo chluasa, cuirfidh mé fáinne i do shrón agus mo bhéalbhach le do bheola, agus déanfaidh mé thú a chinnireacht ar ais, siar an bealach a tháinig tú!

Abair leis an bpobal: ‘Coisricigí sibh féin don lá amárach, agus beidh feoil le hithe agaibh, óir rinne sibh lógóireacht i gcomhchlos don Tiarna á rá: Cé thabharfaidh feoil le hithe dúinn? Nár bhreá an saol a bhí againn san Éigipt! Uime sin tabharfaidh an Tiarna feoil le hithe daoibh.

“An fada a bheidh an mhuintir chlaon seo ag monabhar i m'aghaidh? Chuala mé na gearáin atá á ndéanamh ag clann Iosrael i m'aghaidh.

Tháinig an pobal go Maois agus dúradar: “Pheacaíomar lenár gcaint in aghaidh an Tiarna agus i d'aghaidhse. Guigh chun an Tiarna á iarraidh air na nathracha a thógáil dínn.” Ghuigh Maois ar son an phobail.

“An té a ghlacann sibhse, glacann sé mise; agus an té a ghlacann mise, glacann sé an té a chuir uaidh mé.

Ach bhí a fhios ag Íosa cad a bhí ina gcroí agus dúirt: “Cén fáth a bhfuil na smaointe mallaithe seo in bhur gcroí?

An té a chluineann sibhse, cluineann sé mise, agus an té a dhiúltaíonn daoibh, diúltaíonn sé dom, agus an té a dhiúltaíonn dom, diúltaíonn sé don té a chuir uaidh mé.”

Amen, Amen, a deirim libh, an té a ghlacann aon duine a chuirfidh mise uaim, is mise a ghlacann sé; agus an té a ghlacann mise, glacann sé an té a chuir uaidh mé.”

Aon duine, mar sin, a chuireann in aghaidh an údaráis, is in aghaidh ordú Dé a bhíonn sé ag cur, agus na daoine a chuireann ina aghaidh sin tarraingeoidh siad daorbhreith orthu féin.

Agus ná déanaigí monabhar mar a rinne cuid acu sin monabhar gur scrios an scriosadóir iad.

Más ea, an té a dhiúltaíonn don teagasc seo, ní do dhaoine a dhiúltaíonn sé ach do Dhia a thugann a Naomh-Spiorad daoibh.

Ach dúirt an Tiarna le Samúéil: “Tabhair aird ar ghlór na ndaoine agus ar a ndeir siad leat. Óir ní duitse a dhiúltaigh siad, ach domsa a bheith i mo rí orthu.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí