Ní raibh rud ar bith san áirc ach an dá thábla chloiche a chuir Maois inti i Horaeb, táblaí an chonartha a rinne an Tiarna le clann Iosrael nuair a tháinig siad amach as tír na hÉigipte.
Beidh Árón is a chlann mhac ina fheighil ó nóin go maidin gan stad, i láthair an Tiarna i dTaibearnacal na Teagmhála taobh amuigh den fhial atá os comhair na Fianaise. Beidh sin ina reacht le coimeád ó ghlúin go glúin ag clann Iosrael.”
Cuirfidh tú an altóir suas os comhair an fhéil atá roimh áirc na Fianaise, ar aghaidh chathaoir na trócaire atá os cionn na Fianaise, san áit ina dteagmhóidh mé leat.
Seo cur síos ar na miotail a úsáideadh don taibearnacal - Taibearnacal na Fianaise - cur síos a rinneadh ar ordú Maois, agus a rinneadh ag na Léivítigh faoi threoir Íteámár mac Árón an sagart.
Cuir na Léivítigh i mbun taibearnacal na Fianaise chun aire a thabhairt dá ghréithe agus do gach a mbaineann leis. Déanaidís an taibearnacal agus a ghréithe go léir a iompar, agus fónamh dó, agus a gcampa a chur suas ina thimpeall.
Ach déanadh na Léivítigh a mbothanna a chur suas timpeall taibearnacal na Fianaise, i dtreo nach dtitfidh fraoch na feirge ar chomhthionól uile chlann Iosrael. Bíodh na Léivítigh i bhfeighil thaibearnacal na Fianaise.”
Ansin dúirt an Tiarna le Maois: “Cuir craobh Árón ar ais i láthair na Fianaise mar a mbeidh sí á coimeád ina sampla do na ceannaircigh seo; cuirfidh sí deireadh go deo lena monabhar i m'aghaidh le nach bhfaighidh siad bás.”
D'fhill mé ansin agus anuas liom ón sliabh agus chuir mé na cláir san áirc a bhí déanta agam, agus is ansiúd dóibh fós faoi mar a d'ordaigh an Tiarna dom.