Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Eaxodus 16:29

An Bíobla Naofa 1981

Féach! thug an Tiarna an tsabóid daoibh; uime sin tugann sé dóthain dhá lá de bhia daoibh ar an séú lá; fanadh gach duine agaibh mar a bhfuil sé; ná fágadh aon duine a bhaile ar an seachtú lá.”

Féach an chaibidil Cóip

9 Tagairtí Cros  

Thug tú eolas dóibh ar do shabóid naofa; Shocraigh tú aitheanta (agus reachtanna) agus dlí dóibh, Trí Mhaois do shearbhónta.

Ansin dúirt an Tiarna le Maois: “An fada eile a dhiúltóidh sibh m'aitheanta agus mo dhlíthe a choimeád?

Staon an pobal ó obair ar fad dá bhrí sin ar an seachtú lá.

“Labhair le clann Iosrael agus abair: ‘Coimeádaigí mo shabóidí óir is comhartha idir mise agus sibhse an tsabóid ó ghlúin go glúin i dtreo go mbeadh a fhios agaibh gur mise, an Tiarna, a naomhaíonn sibh.

Lena chois sin thug mé mo shabóidí dóibh mar chomhartha idir mise agus iadsan, ionas go mbeadh fhios acu gur mise, an Tiarna, a naomhaíonn iad.

d'ordaigh mé mo rath a bheith oraibh sa séú bliain i gconaí i dtreo go mbeadh dóthain trí bliana de thoradh inti.

Agus bígí ag guí nach in am an gheimhridh a bheidh oraibh teitheadh ná sa tsabóid,

Ansin, ar dhul ar ais dóibh, d'ullmhaigh siad spíosraí agus olaí cumhra. Agus sa tsabóid, d'fhan siad ina gcónaí do réir na haithne.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí