Seo mar a d'ordaigh an Tiarna daoibh: ‘Cruinníodh gach duine agaibh riar a cháis de, ómar an duine de réir an líon daoine atá ag gach duine ina bhoth.’ ”
Nuair a thomhaiseadar é le hómar ansin, an té a chruinnigh breis ní raibh aon fhearasbarr aige; agus an té a chruinnigh níos lú ní raibh aon easnamh air. Bhí a sháith cruinnithe ag gach duine.