Óir ní lena gclaíomh féin a ghabhadar an talamh níorbh é a gcuisle féin a shaor iad ach do dheaslámh féin is do chuisle agus gile do ghnúise, mar b'iad do ghrá iad.
Cé is cosúil leat ar na déithe, a Thiarna? Cé is cosúil leat, a Thiarna, le mórgacht do naofachta le huafás d'éachtaí glórmhara agus leis na hiontais a chuireann tú i gcrích?
Tháinig scéin agus scanradh orthu; mar gur thréan í do lámh, bhíodar gan cor astu dála na cloiche; go ndeachaigh do phobal thar bráid, a Thiarna; go ndeachaigh an pobal a d'fhuascail tú thar bráid.
Ansin d'eachtraigh Maois d'athair a chéile a ndearna an Tiarna le Forann agus leis na hÉigiptigh mar mhaithe le clann Iosrael, agus a dtainig de chruatan orthu ar an mbealach agus conas a d'fhuascail an Tiarna iad.
Ach dúirt an Tiarna le Maois: “Feicfidh tú anois féin céard a dhéanfaidh mise le Forann. Le láimh láidir, sea le láimh láidir, a chaithfidh sé ligean dóibh imeacht as a thír.”
a bhriseann ar nós soitheach potaire á smísteáil síos gan trua gan taise, - ionas nach bhfuil le fáil sa chonamar oiread agus sligín a chorródh an tine ar an teallach nó a thaoscfadh uisce as an sistéal.”
Múscail, múscail, cuir umat do neart, a lámh an Tiarna, Múscail mar a dhéantá sa seanam, in aimsir na nglún a d'imigh. An ea nach tusa a scoilt Ráhab, a pholl an Dragan ina lár?
Déanfaidh mé iad a ghreadadh in aghaidh a chéile, athair agus mac in éineacht - an Tiarna a labhraíonn. Ní bheidh trua agam, ní choigleoidh mé, ní dhéanfaidh mé trócaire, ach scriosfaidh mé iad.’ ”
Déanfar smidiríní de naimhde an Tiarna; Beidh an Té is Airde ag toirneach ina n‑aghaidh sna flaithis. Tugann an Tiarna a bhreith ar chríocha na cruinne; Bronnann sé neart ar a rí Agus breis cumhachta ar a ungthach.”