Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Eaxodus 15:20

An Bíobla Naofa 1981

Ansin Miriám banfháidh, deirfiúr Árón, thóg sí tiompán ina láimh agus lean na mná go léir í lena dtiompáin sa rince.

Féach an chaibidil Cóip

33 Tagairtí Cros  

Cén fáth ar theith tú faoi choim agus calaois a dhéanamh orm agus gan é a rá liom i dtreo go seolfainn uaim thú faoi lúcháir agus faoi chantaireacht, le tiompáin agus le cruiteanna.

Ná hinsigí é i nGat Agus ná foilsígí é i sráidibh Aiscileon. Nó beidh lúcháir ar iníonacha na bhFilistíneach, Agus mórtas ar iníonacha na foirne gan timpeallghearradh.

Bhí Dáiví ag rince an méid a bhí ina chorp os comhair an Tiarna, agus éafód lín á chaitheamh aige.

Nuair a bhí áirc an Tiarna ag dul isteach i nDúnfort Dháiví, bhí Míceal iníon Shóil ag faire ón bhfuinneog agus chonaic sí Dáiví rí ag steipeadaíl agus ag rince os comhair an Tiarna; tháinig drochmheas aici air ina croí.

Bhí Dáiví agus teaghlach Iosrael ag rince os comhair an Tiarna le barr dúthrachta, ag cantain le cruiteanna, le cláirseacha, le bodhráin, le castainéid, agus le ciombail.

Chuaigh Hilcíá, an sagart, agus Aichíceám, agus Seáfán, agus Asáiá go dtí Huldá an banfháidh, bean Shealúm mac Thicveá mac Harchas, coimeádaí na n‑éidí (bhí cónaí uirthi in Iarúsailéim, sa bhaile nua), agus chuir siad an scéal faoina bráid.

Agus dúirt Dáiví le cinn urra na Léivíteach a ngaolta a cheapadh mar chantairí chun geantraí a sheinm ar a ngléasanna ceoil, ar chláirseacha, ar chruiteanna agus ar chiombail.

Clann mhac Chohát: Amrám, Izeár, Heabrón, Uizíéil.

Cuimhnigh, a Dhia, ar Thóibíá agus ar Shanballat de bharr a ndearna siad; agus ar Nóaidiá an banfháidh agus ar na fáithe eile a bhí ag iarraidh scanradh a chur orm.

Molaidís a ainm le rince; déanaidís ceol ar an gcláirseach is ar an gcruit.

Molaigí é le teampán is le rince! Molaigí é le téada ceoil is leis an bpíb!

Éist, a Thiarna, go trócaireach; tar, a Thiarna, i gcabhair orm.

Is ann a lonnaigh do phobal de bharr do chineáltais mar a ndearna tú soláthar, a Dhia, do lucht an ghátair.

Feictear do mhórshiúlta sollúnta, a Dhia; mórshiúlta mo Dhé agus mo Rí san ionad naofa;

na cantairí i dtús an tslua, na cruitirí ar deireadh, na cailíní ina lár istigh ag seinm ar thiompáin.

Canaimis go meidhreach do Dhia ár neart; tógaigí gártha gliondair do Dhia Iacóib.

Sheas a dheirfiúr i leataobh tamall féachaint cad a dhéanfaí leis.

tráth goil, tráth gáire, tráth caointe, tráth rince,

Tógfaidh mé thú an athuair agus atógfar thú, a mhaighdean Iosrael. Beidh tú sciamhach arís, agus déanfaidh tú meidhir sa rince le do chuid tiompán.

Óir is mise a thug suas as críocha na hÉigipte thú; mise a d'fhuascail thú as teach na daoirse. Chuir mé Maois os do chionn agus Árón agus Miriám in éineacht leis.

Rinne Miriám, agus Árón chomh maith léi, monabhar in aghaidh Mhaois i dtaobh na mná Cuisíteach a phós sé; óir phós sé Cuisíteach mná.

Dúradar: “An trí Mhaois amháin a labhair an Tiarna? Nár labhair sé trínne chomh maith?” Chuala an Tiarna é sin.

An chéad mhí tháinig clann Iosrael, an comhthionól go léir, isteach i bhfásach Zin. Chuir na daoine fúthu i gCáidéis. Ansiúd a fuair Miriám bás agus a adhlacadh í.

Ba é Ióceibid iníon Léiví, a rugadh dó san Éigipt, ainm bhean Amrám; agus rug sí d'Amrám Árón agus Maois agus Miriám a ndeirfiúr.

Agus bhí banfháidh ann freisin, Anna iníon Fanuéil, de threibh Áiséar, í anonn i mblianta móra: mhair sí seacht mbliana ag a fear céile tar éis a hóghachta.

Bhí ceathrar iníon aige, maighdeana, a raibh bua na tairngreachta acu.

Aon bhean, áfach, a dhéanann urnaí nó a thugann tairngreacht agus í ceann-nochta, tugann sí náire don té is ceann uirthi; is cuma é agus a ceann a bheith bearrtha.

fanadh na mná ina dtost sna heaglaisí. Níl aon chead labhartha acu ach iad a bheith faoi smacht mar a deirtear sa dlí.

Tháinig Iaftá ar ais chun a thí féin i Mizpeá ansin agus féach, tháinig a iníon amach ina dháil le ceol tiompán agus le rince. Ba í a leanbh aonair í, mar ní raibh mac ná iníon aige ach ise amháin.

agus déanaigí faire; nuair a thiocfaidh iníonacha Shileo amach chun rince ina mbaiclí le chéile, tagaigí sibhse amach chomh maith as na fíonghoirt agus sciobadh gach duine agaibh bean dó féin as iníonacha Shileo agus imíodh gach duine go tír Bhiniáimin.

Faoin am seo bhí Deabórá banfháidh, céile Laipídeot, ina breitheamh in Iosrael.

Ansin rachaidh tú go Gibeá Dé (mar a bhfuil garastún na bhFilistíneach). Ag teacht chun na cathrach sin ansiúd duit, buailfidh tú le buíon fáithe ag teacht anuas ón ardionad agus cruit, bodhrán, feadóg, agus lir rompu amach; beidh buile na bhfáithe orthu.

Nuair a bhí siad ar an mbealach abhaile agus Dáiví ag filleadh tar éis dó an Filistíneach a mharú, tháinig na mná amach as cathracha Iosrael go léir in airicis an rí, Sól, iad ag canadh agus ag rince agus ag seinm tiompán, agus gléasanna ceoil agus ag tógáil gártha áthais.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí