Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Eaxodus 15:18

An Bíobla Naofa 1981

Beidh an Tiarna i réim go deo na ndeor.”

Féach an chaibidil Cóip

13 Tagairtí Cros  

Phlandaigh Abrahám crann tamaraisce i mBéar Seaba agus ghlaoigh ansiúd ar ainm an Tiarna, Dia síoraí.

Is é an Tiarna is rí go brách na breithe; rachaidh na ciníocha ar ceal as a fhearann.

Beidh an Tiarna i réim go brách, ina Dhia agat, a Shíón, ó ghlúin go glúin.

Tá an Tiarna ina rí os cionn na díleann. Tá an Tiarna ina rí go brách.

Tá an Tiarna faoi réim go brách; shocraigh sé a chathaoir a thabhairt breithiúnas.

Óir is mar seo a deir an Té is airde, a bhfuil a chónaí sa tsíoraíocht agus a bhfuil a ainm naofa: “Tá cónaí orm in áras atá ard agus naofa, agus fós i bhfochair an té atá brúite uiríseal ó spiorad, chun misneach a mhúscailt arís i spiorad na n‑uirísle, chun misneach a chur ar ais sna croíthe brúite.

agus ná lig sinn i gcathú, ach saor sinn ó olc.

Bhí rí in Isiriún, nuair a thionóil ceannairí an phobail, agus go raibh treibheanna uile Iacóib le chéile.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí