Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Eaxodus 15:17

An Bíobla Naofa 1981

Thug tú isteach iad agus shuigh tú iad ar do shliabh féin, san áit dá ndearna tú d'áitreabh, an sanctóir a dhealbhaigh do lámha.

Féach an chaibidil Cóip

24 Tagairtí Cros  

Cuirfidh mé áit ar fáil do mo phobal Iosrael. Suífidh mé ansin iad agus déanfaidh siad cónaí san áit sin agus ní chuirfear isteach orthu arís; ní bheidh cos ar bolg á imirt ag na lucht foréigin orthu, mar a bhíodh

Dúirt Solamh ansin: “Chinn an Tiarna go lonnódh sé sa néal tiubh.

rinneadh sanctóir an Tiarna de Iúdá, agus tharla Iosrael ina ríocht aige.

“Chuir mise mo rí féin i réimeas ar Shíón, ar mo shliabh naofa.”

Chualamar lenár gcluasa féin é, a Dhia, agus d'inis ár n‑aithreacha féin dúinn na hoibreacha a rinne tú fadó, na héachtaí a rinne tú lena linn.

Is maorga na sléibhte iad sléibhte Bháiseán; is sléibhte beannacha iad sléibhte Bháiseán.

Tá aithne ar Dhia in Iúdá; tá a ainm in airde in Iosrael.

Cas ar ais, a Dhia na slua, breathnaigh anuas ó neamh, agus féach,

Cuir ar ais sinn, a Thiarna na slua; taispeáin dúinn do ghnúis ghrianmhar, dár saoradh.

Threoraigh tú le teann grá an pobal a d'fhuascail tú; rinne tú eolas dóibh le do neart chun d'áitribh naofa.

Féach, cuirim aingeal romhat do do choimhéad ar an tslí, agus do do thabhairt chun ha háite a d'ullmhaigh mé.

Agus déanaidís sanctóir dom go lonnaí mé ina measc.

Imigh anois, agus treoraigh an pobal chun na háite a dúirt mé leat; féach! rachaidh m'aingeal romhat amach; ach ar lá an fhiosraithe agam, déanfaidh mé a bpeaca a dhíolt orthu.”

Ach phlandaigh mise thú i d'fhíniúin uasal, ceap fírinneach tríd agus tríd. Conas, más ea, ar éirigh tú i do phlanda fiáin, a fhíniúin thruaillithe?

Is mar seo a deir Tiarna na Slua, Dia Iosrael: “Bainfidh siad leas athuair as na briathra seo i dtír Iúdá agus ina bailte nuair a thabharfaidh mé ar ais iad: ‘Go mbeannaí an Tiarna thusa, a choimín an chirt, a shliabh na naofachta!’

Gairdeoidh mé mar gheall ar mhaitheas a dhéanamh dóibh, agus plandóidh mé le barr dílse iad sa dúiche seo, le mo chroí agus le m'anam go hiomlán.’

Déanfaidh mé conradh síochána leo; conradh síoraí a bheidh ann. [Beannóidh] mé agus cuirfidh mé rath orthu; tógfaidh mé mo shanctóir ina measc go deo.

Tuigfidh na ciníocha ansin gur mise, an Tiarna, a naomhaíonn Iosrael nuair a bheidh mo shanctóir ina measc go brách.’ ”

Déanann siad íobairtí conáigh, ar an sliabh ar a bhfuil triall na ndaoine ag guí; óir blaiseann siad saibhreas na mara, agus an mhaoin folaithe sa ghaineamh.

An amhlaidh go bhfuil bhur bhfearann truaillithe? Tagaigí anall, más ea, go fearann an Tiarna mar a bhfuil Both an Tiarna ina seasamh anois, agus faighigí oidhreacht daoibh féin inár measc; ach ná déanaigí ceannairc in aghaidh an Tiarna, agus ná déanaigí lucht ceannairce dínne chomh maith, le haltóir a thógáil daoibh féin seachas altóir an Tiarna ár nDia.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí