Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Eaxodus 15:10

An Bíobla Naofa 1981

Shéid tú anáil, agus d'iaigh an fharraige orthu. Chuadar faoi mar luaidhe sna huiscí gáifeacha.

Féach an chaibidil Cóip

16 Tagairtí Cros  

Ach chuimhnigh Dia ar Naoi agus ar na hainmhithe go léir agus ar an eallach go léir a bhí fairis san áirc. Agus sheol Dia gaoth thar an talamh agus ceansaíodh na huiscí.

agus leath an cath ar fud na dúiche go léir, agus shlog an fhoraois níos mó an lá sin ná mar a mharaigh an claíomh.

Dheighil tú an mhuir rompu; Ghabh siad cosa tirime tríd an mórmhuir. Chaith tú an dream a bhí ar a dtóir isteach sa duibheagán, Mar a dhéanfaí cloch sa chuilithe.

Seolann sé scamaill ó chríocha na cruinne; déanann sé fearthainn le saighneáin tine; tógann sé na gaotha as a n‑ionaid taisce.

Cuireann sé a bhriathar uaidh á leá; agus a ghaoth a choscairt an tsneachta.

Shín Maois a lámh os cionn na farraige agus thiomáin an Tiarna an fharraige ar ais le gaoth láidir anoir a shéid ar feadh na hoíche, agus rinneadh talamh tirim den fharraige. Dheighil na huiscí óna chéile,

Chlúdaigh na tuilte iad; chuadar go tóin poill mar a dhéanfadh cloch.

Cé a chuaigh suas ar neamh agus a thuirling arís? Cé a cheap na gaoithe ina mháma? Cé a ghabh na huiscí ina bhrat? Cé a chuir bonn faoi chríocha na cruinne? Céard is ainm dó féin agus céard is ainm dá mhac? Ar ndóigh is eol duit!

Agus triomóidh an Tiarna camas mhuir na hÉigipte, agus sínfidh amach a lámh os cionn na hAbhann; le neart a anála roinnfidh sé ina seacht srutháin í, agus beifear ag siúl trasna tirimchosach,

Nuair a dhéanann sé toirneach bíonn tormán uisce sna flaithis; tugann sé ar na néalta éirí ó chríocha na talún, déanann tintreach le haghaidh na fearthainne agus tugann an ghaoth as a ionad taisce.

Tabhair an t‑ainm seo ar Fhorann: Mórán Fothraim Ach Dall ar an Uain!

Óir, féach, ba é a dhealbhaigh na sléibhte, a chruthaigh an ghaoth, a fhoilsíonn a smaointe don duine, a dhéanann [an chamhaoir agus an dorchadas], a shiúlann in áiteanna arda an domhain; is é an Tiarna, Dia na Slua, is ainm dó.

Bhí ionadh ar na fir agus deiridís: “Cén sórt duine é seo a rá go ndéanann na gaotha féin agus an fharraige rud air?”

a ndearna sé le sluaite na hÉigipte, lena n‑eacha, agus lena gcarbaid; conas mar a scaoil sé tuilte Mhuir na nGiolcach anuas orthu nuair a bhí siad sa tóir oraibh, agus mar a scrios sé iad gan a rian a fhágáil go dtí an lá seo féin;




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí