Ansin is ea a chan Maois agus clann Iosrael an laoi seo leanas in onóir an Tiarna: “Canfaidh mé don Tiarna; rug sé an bua le barr glóire! Chaith sé i bhfarraige idir each agus charbadóir.
Dheighil tú an mhuir rompu; Ghabh siad cosa tirime tríd an mórmhuir. Chaith tú an dream a bhí ar a dtóir isteach sa duibheagán, Mar a dhéanfaí cloch sa chuilithe.
Ansin dúirt an Tiarna le Maois: “Sín do lámh amach os cionn na farraige i dtreo go bhfillfidh na huiscí ar ais anuas ar na hÉigiptigh ar a gcarbaid agus ar a marcshlua.”
Shín Maois a lámh amach os cionn na farraige dá bhrí sin agus le breacadh an lae d'fhill an fharraige ar a cúrsa gnáth. Chuaigh na hÉigiptigh ceann ar aghaidh isteach inti ina raon teite agus chloígh an Tiarna na hÉigiptigh i mbroinn na bóchna.
Anois is ea atá a fhios agam gur mó an Tiarna ná na déithe go léir, mar gur fhuascail sé an pobal ó lámha na nÉigipteach nuair a bhíodar go huaibhreach leo.”
Canaigí don Tiarna amhrán úr! Moladh leis ó cheann ceann na talún! Móradh an fharraige é agus gach a bhfuil ann, insí na farraige agus a muintir go léir!
Bronnfaidh mé uirthi thíos ansin na fíonghoirt a bhíodh aici, agus déanfaidh mé doras dóchais di de ghleann Ácór. Éistfidh sí liom ansin mar a rinne le linn a hóige, nuair a tháinig sí aníos ó chríocha na hÉigipte.
agus bhí siad ag canadh caintic Mhaois, seirbhíseach Dé, agus caintic an Uain, á rá: “Is éachtach agus is iontach iad d'oibreacha, a Thiarna Dia, a Uilechumhachtaigh. Is cóir agus is fíor do chasáin, a rí na gciníocha.