Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Eaxodus 14:7

An Bíobla Naofa 1981

Thóg sé sé chéad de thogha na gcarbad agus carbaid eile na hÉigipte go léir agus foireann thofa le gach ceann.

Féach an chaibidil Cóip

11 Tagairtí Cros  

Ghabh carbaid agus marcshlua suas leis chomh maith, agus ba mhór go léir an tsochraid í.

Is deimhin liom anois go bhfuil an bua tugtha ag an Tiarna dá ungthach; go bhfreagróidh sé óna fhlaitheas naofa le gníomhartha is le cumhacht a dheasláimhe.

Cad fáth a bhfuil éad oraibh, a shléibhte beannacha, ag féachaint ar an sliabh daoibh a thogh Dia mar áras? Is ann a bheidh an Tiarna ina chónaí go brách.

Chuaigh na hÉigiptigh sa tóir orthu agus isteach leo i lár na farraige ina ndiaidh, le capaill agus carbaid agus marcshlua Fhorainn go léir.

Ghabh Forann a charbad dá bhrí sin agus thionóil sé a shlua.

Chruaigh an Tiarna croí Fhorainn rí na hÉigipte agus chuaigh sé sa tóir ar chlann Iosrael agus iad ag cur díobh faoi thréanchosaint.

Threascair sé carbaid Fhorainn agus a shlua san fharraige; d'fhág sé togha a mharcach báite i Muir na nGiolcach.

Trí do ghiollaí thug tú masla don Tiarna. Dúirt tú: Le hiomad mo charbad chuaigh mé suas ar mhullach na sléibhte, ar bheanna iargúlta na Liobáine. Ghearr mé anuas an chuid is airde dá céadrais, an chuid is áille dá cufróga. Bhain mé amach an ascaill is uaigní ann agus na cluainte i lár a cuid caschoille.

Chuir an Tiarna an teitheadh ar Shíseará agus ar a charbaid agus ar a shluaite go léir le faobhar claímh roimh ionsaí Bhárác. Phreab Síseará anuas dá charbad agus theith sé de chois.

Ansin ghlaoigh clann Iosrael ar an Tiarna teacht i gcabhair orthu, mar bhí naoi gcéad carbad iarainn ag Iábaín agus rinne sé géarleanúint dhian ar chlann Iosrael ar feadh fiche bliain.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí