Ag filleadh di threascair an tuile carbaid agus marcshlua agus sluaite uile Fhorainn a lean na hIosraelaigh isteach san fharraige; níor tháinig fear inste scéil slán.
Nuair a shroich muintir Iúdá an áit óna bhfuil radharc ar an bhfásach agus gur thug siad aghaidh ar an mathshlua, féach, ní raibh ach corpáin gan anam sínte ar an talamh; níor fágadh fear inste scéil.
Dheighil tú an mhuir rompu; Ghabh siad cosa tirime tríd an mórmhuir. Chaith tú an dream a bhí ar a dtóir isteach sa duibheagán, Mar a dhéanfaí cloch sa chuilithe.
D'fhreagair Maois an pobal: “Bíodh misneach agaibh!” ar sé; “seasaigí an fód! agus feicfidh sibh conas a fhuasclóidh an Tiarna sibh inniu. Mar na hÉigiptigh a fheiceann sibh inniu, ní fheicfidh sibh go brách arís.
Ghabh eachra Fhorainn isteach san fharraige lena gcarbaid agus lena gcarbadóirí, ach sheol an Tiarna uiscí na farraige siar orthu; shiúil clann Iosrael ar thalamh tirim tríd an bhfarraige.
Gabhann tú amach chun do phobal a shábháil, chun d'ungthach féin a shlánú. Tá barr theach an drochdhuine briste agat agus a bhunsraith nochta go dtí an charraig. Selah
a ndearna sé le sluaite na hÉigipte, lena n‑eacha, agus lena gcarbaid; conas mar a scaoil sé tuilte Mhuir na nGiolcach anuas orthu nuair a bhí siad sa tóir oraibh, agus mar a scrios sé iad gan a rian a fhágáil go dtí an lá seo féin;