Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Eaxodus 14:2

An Bíobla Naofa 1981

“Abair,” ar sé, “le clann Iosrael filleadh agus campáil os comhair Phí Haichíorót idir Migdeol agus an fharraige, os coinne Bhálzafón. Suígí bhur gcampa sall ón áit sin cois na farraige.

Féach an chaibidil Cóip

9 Tagairtí Cros  

Agus labhair an Tiarna le Maois:

Óir déarfaidh Forann leis féin: ‘Féach mar atá clann úd Iosrael ar seachran san fhásach; d'iaigh an fásach orthu.’

Chuaigh na hÉigiptigh sa tóir orthu le heachra agus le carbaid Fhorainn lena mharcshlua agus lena arm go léir; agus thángadar orthu agus a gcampa suite acu cois na farraige ag Pí Haichíorót os coinne Bhálzafón.

“An briathar a tháinig go Irimia le haghaidh na nGiúdach uile a chónaíonn i gcríoch na hÉigipte atá ag cur fúthu ag Migdeol, Tachpanaes, Nof agus tír Phatros.

“Foilsígí é san Éigipt! Fógraígí i Migdeol! Fógraígí é i Nof agus i dTachpanaes! Abraigí: ‘Ag bhur bpoist! Bígí ullamh!’ óir slogann an claíomh máguaird oraibh.

dá bhrí sin tá mise i do choinne agus i gcoinne do shruthán. Fágfaidh mé an Éigipt ina fásach lom folamh ó Mhigdeol go Saené, fad le teorainn na hAetóipe.

Thug mé bhur n‑aithreacha amach as an Éigipt agus tháinig sibhse chun na Farraige; chuaigh na hÉigiptigh sa tóir ar bhur n‑aithreacha le carbaid agus le marcshlua nó gur shroicheadar Muir na nGiolcach.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí