Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Eaxodus 14:19

An Bíobla Naofa 1981

Ansin aingeal an Tiarna a bhí ar bhéala shlua Iosrael san aistear, d'fhág sé an áit sin agus tháinig ar a gcúla; agus an colún néil a bhí rompu amach tháinig sé laistiar díobh agus d'fhan ann,

Féach an chaibidil Cóip

14 Tagairtí Cros  

Bhí do shlí ar fud na farraige agus do chosáin sna huiscí móra bíodh nach raibh lorg do chos le feiceáil.

Sheol sé slan iad gan eagla gur bádh a naimhde san fharraige.

agus é ag teacht idir slua na hÉigipte agus slua Iosrael. Leis an néal agus an dorchadas chaitheadar an oíche gan teacht i ngiorracht dá chéile ar feadh na hoíche.

Le ham faire na maidine, d'fhéach an Tiarna anuas ar shluaite na hÉigipteach ón gcolún tine agus néil agus rinne sé cíor thuathail de shluaite na nÉigipteach.

Imigh anois, agus treoraigh an pobal chun na háite a dúirt mé leat; féach! rachaidh m'aingeal romhat amach; ach ar lá an fhiosraithe agam, déanfaidh mé a bpeaca a dhíolt orthu.”

Óir ní rachaidh sibh amach faoi dheifir, ní imeoidh sibh mar bheadh teifigh ionaibh. Ar cheann bhur slua beidh an Tiarna ag máirseáil, agus ag déanamh sciath thar lorg oraibh beidh Dia Iosrael.”

Ansin scallfaidh do sholas amach mar an maidneachan agus is gearr go dtaga cneasú ar do chréachtaí. Rachaidh d'fhíréantacht romhat amach agus glóir an Tiarna i do dhiaidh.

ina dtrioblóidí go léir. Ní teachtaire ná aingeal ach é féin a scaoil saor iad. Le teann grá agus trua d'fhuascail sé féin iad; thóg sé suas agus d'iompair iad sna laethanta sin uile anallód.

Theith Iacób go dtí críocha Arám; bhí Iosrael ina sheirbhíseach ann ar son mná amháin, agus ar son mná eile bhí sé ina aoire caorach.

Ag gluaiseacht rompu amach beidh an té a dhéanfaidh bearna dóibh. Brisfidh siad an geata agus imeoidh siad amach tríd. Gabhfaidh an rí rompu; is é an Tiarna féin a bheidh mar cheannaire orthu.

Ar an lá sin, cosnóidh an Tiarna áitritheoirí Iarúsailéim agus ar an lá sin freisin beidh an duine is laige díobh cosúil le Dáiví agus beidh teaghlach Dháiví féin cosúil le Dia, cosúil le haingeal an Tiarna, ar a dtosach.

Ghlaomar chun an Tiarna; d'éist sé linn agus chuir sé aingeal chugainn chun sinn a thabhairt amach as an Éigipt. Táimid anois i gCáidéis, cathair ar imeall do chríche.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí