Agus cruafaidh mé croíthe na nÉigipteach i dtreo go rachaidh siad isteach ina ndiaidh. Gheobhaidh mé glóir de bharr Fhorainn agus a airm go léir agus a charbad agus a mharcshlua.
Féach, tabharfaidh mé díle liom agus seolfaidh mé na huiscí ar an talamh chun an uile fheoil faoin spéir ina bhfuil anáil na beatha a scrios; caillfear a bhfuil ar talamh.
Ansin cruafaidh mé croí Fhorainn agus rachaidh sé sa tóir orthu agus bainfidh mé glóir amach de bharr Fhorainn agus a shlua; beidh a fhios ag na hÉigiptigh gur mise an Tiarna.” Rinneadar amhlaidh.
Agus dúirt an Tiarna le Maois: “Nuair a fhillfidh tú ar an Éigipt, féach chuige go ndéanfaidh tú os comhair Fhorainn na miorúiltí go léir a chuir mé ar do chumas; ach cruafaidh mise an croí ann i dtreo nach scaoilfidh sé leis an bpobal.
Mise mé féin, is mé a thugann sólás duit. Cé hé tusa go bhfuil eagla ort roimh an duine, an duine ar dual dó an bás, an duine seo nach buaine é ná an féar?
Abair: Seo mar a deir an Tiarna Dia: Féach! tá mise i do choinne, a Shíodón; foilseoidh mé mo ghlóir tríotsa, agus tuigfidh siad gur mise an Tiarna nuair a ghearrfaidh mé breithiúnais uirthi, agus nuair a thaispeánfaidh mé mo naofacht inti.
Abair: A shléibhte Iosrael, éistigí le briathar an Tiarna Dia! Seo mar a deir an Tiarna Dia leis na sléibhte agus na cnoic, leis na cumair agus leis na gleannta: Féach, cuirfidh mé an claíomh anuas oraibh agus scriosfaidh mé bhur n‑áiteanna arda.
Óir amhail leon a bheidh mise d'Eafráim, agus mar liopard do theaghlach Iúdá. Is mise, is ea, mise a stróicfidh sula a n‑imeoidh mé; ardóidh mé liom mo chreach agus ní sciobfar uaim í.
Dúirt Maois le hÁrón: “Sé seo a bhí i gceist ag an Tiarna á rá: ‘Taispeánfaidh mé mo naofacht i measc a bhfuil i ngar dom, Agus don phobal go léir foilseofar mo ghlóir.’ ” Níor fhan focal ag Árón.
Féach anois, gur mise É, mise féin agus níl aon dia eile ann ach mé. Is mé údar an bháis agus údar na beatha Nuair a bhuailim, is mé a leigheasann (agus níl duine a dhéanfadh fuascailt as mo láimh).
Ba é deonú an Tiarna a gcroíthe a chruadh chun go rachaidís chun catha in aghaidh Iosrael d'fhonn go gcuirfí gan taise faoin mbang iad agus go scriosfaí iad mar a d'ordaigh an Tiarna do Mhaois.
Déanfaidh mise Síseará ceann feadhna arm Iábaín a mhealladh amach i d'aghaidh ar bhruach abhann Chiseon lenaa charbaid agus lena shluaite, agus tabharfaidh mé ar láimh duit é.’ ”
Cad ab áil libh ag cruachan bhur gcroí, faoi mar a chruaigh na hÉigiptigh agus Forann a gcroí? Tar éis dó magadh fúthu, nár scaoileadar leis an bpobal agus nár imíodarsan?