Dúirt an Tiarna le Maois: “Cén fáth go bhfuil tú ag glaoch orm? Abair le clann Iosrael dul ar aghaidh.
Tugaigí ómós don Tiarna a thug sibh amach as tír na hÉigipte le mórchumhacht agus le géag ar tinneall; cromaigí síos roimhe agus déanaigí íobairt dó.
Tharla sin de bhrí gur pheacaigh clann Iosrael in aghaidh an Tiarna a nDia, a thug slán amach iad as críocha na hÉigipte, ó smacht Fhorainn, rí na hÉigipte. Thug siad adhradh do dhéithe eile,
Ghlaoigh an fáidh Íseáia ansin chun an Tiarna agus thug seisean an scáth deich gcéim ar gcúl [ar chéimeanna] Áchaz.
Chonaic tú cruachás ár sinsir san Éigipt; Chuala tú a nglao le hais Mhuir na nGiolcach;
Troidfidh an Tiarna ar bhur son; ní gá daoibh ach fanacht socair.”
Ardaigh do shlat agus sín do lámh os cionn na farraige agus deighil ó chéile í i dtreo go siúlfaidh clann Iosrael ar thalamh tirim tríd an bhfarraige.
Ghlaoigh Maois ar an Tiarna: “Cad a dhéanfaidh mé leis an bpobal seo? Is beag nach bhfuil siad ag gabháil de chlocha ionam.”
D'fhreagair an Tiarna Iósua: “Bí i do sheasamh! Cad ab áil leat a bheith caite mar sin ar do bhéal agus ar d'fhiacla?