Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Eaxodus 14:13

An Bíobla Naofa 1981

D'fhreagair Maois an pobal: “Bíodh misneach agaibh!” ar sé; “seasaigí an fód! agus feicfidh sibh conas a fhuasclóidh an Tiarna sibh inniu. Mar na hÉigiptigh a fheiceann sibh inniu, ní fheicfidh sibh go brách arís.

Féach an chaibidil Cóip

36 Tagairtí Cros  

Tamall tar éis na nithe sin tháinig briathar an Tiarna chun Abrám i bhfís á rá: “Ná bíodh eagla ort, a Abrám. Is mé do sciath; beidh luach saothair an-mhór agat.”

Thaispeáin an Tiarna é féin dó an oíche sin agus dúirt: “Mise Dia d'athar Abrahám. Ná bíodh eagla ort, óir táimse farat. Beannóidh mé thú agus cuirfidh mé an rath go líonmhar ar do shíol, Ar son mo shearbhónta Abrahám.”

Dúirt sé leis ansin: “Mise Dia, Dia d'athar; ná bíodh eagla ort dul síos chun na hÉigipte, óir déanfaidh mé cine mor ansiúd díot.

Táim ag súil le do shlánú, a Thiarna Dia.

D'fhreagair sé: “Ná bíodh eagla ort! Óir is mó atá linne ná mar atá leosan.”

Sheas siad an fód i lár an ghoirt agus rinne siad é a chosaint agus rinne siad na Filistínigh a threascairt. Thug an Tiarna bua mór chun críche ar an gcuma sin.

dúirt sé: “Éistigí, a fheara uile Iúdá, agus sibhse a chónaíonn in Iarúsailéim, agus tusa a rí Iahóiseáfát! Mar seo a deir an Tiarna libh: ‘Ná bíodh eagla oraibh agus ná cuireadh an mathshlua mór seo drochmhisneach oraibh! Ní libhse an cath seo ach le Dia.

Ní bheidh oraibh troid sa chath seo; téigí chun bhur láithreacha, seasaigí an fód, agus feicigí an bua atá i ndán daoibh ag an Tiarna. A Iúdá agus a Iarúsailéim, ná bíodh scéin ná drochmhisneach oraibh! Gluaisigí amach ina gcoinne amárach agus beidh an Tiarna in bhur dteannta.’ ”

Chonaic tú cruachás ár sinsir san Éigipt; Chuala tú a nglao le hais Mhuir na nGiolcach;

Éirigh, a Thiarna! Fóir orm, a Dhia! Óir buaileann tú mo naimhde uile sa phus agus briseann tú fiacla na bpeacach. 8 A Thiarna an tslánaithe, beannaigh do mhuintir!

Dia a thugann tarrtháil orainn an Dia seo againne; tugann an Tiarna ár nDia doras éalaithe ón mbás dúinn.

Sheol sé slan iad gan eagla gur bádh a naimhde san fharraige.

Óir ní gá duit ach féachaint i do thimpeall, chun go bhfeice tú cúiteamh na bpeacach.

D'fhuascail an Tiarna clann Iosrael an lá sin ó na hÉigiptigh agus chonaic Iosrael na hÉigiptigh sínte marbh ar an gcladach.

Agus dúirt Maois leis an bpobal: “Ná bíodh eagla oraibh óir tháinig an Tiarna d'fhonn sibh a phromhadh, agus go mbeadh a eagla os comhair bhur súl agaibh agus nach ndéanfadh sibh peaca.”

atá bunúsach ó chroí, a choinníonn an tsíocháin, óir is asatsa atá a mhuinín.

Óir is mar seo a labhraíonn an Tiarna Dia, Neach Naofa Iosrael: San iompú croí agus sa chiúnas a bhí an slánú i ndán daoibh, sa suaimhneas agus sa mhuinín a bhí bhur neart, ach níorbh áil libh.”

abraigí le lucht an chroí mhearaithe: “Músclaígí bhur misneach; ná bíodh eagla oraibh. Breathnaígí! Is é bhur nDia atá ann, tá sé chugaibh leis an díoltas atá ag dul daoibh; Dia atá ann ag agairt a chúitimh, agus é ag teacht do bhur slánú.”

Mise, is mise an Tiarna, agus níl slánaitheoir ann ach mé féin.

agus déarfaidh tú leis: Aire dhuit, ná bíodh imní ort, ná eagla; ná bíodh do chroí anbhann, de bharr an dá ghal soip úd,

Is díomhaoin ina dhiaidh sin súil a bheith leis na harda, mar an gcéanna le scléip na sléibhte. Go deimhin is é an Tiarna ár nDia slánú Iosrael.

Is maith an ní é fanacht go foighneach le slánú an Tiarna.

(Déanfaidh mé trócaire áfach ar theaghlach Iúdá agus sábhálfaidh mé iad, óir is mise an Tiarna a nDia; ach ní le bogha ná le claíomh ná le bua catha a shábhálfaidh mé iad, ná le capaill ná le marcaigh ach an oiread).”

Is mise an Tiarna, do Dhia, ón uair a threoraigh mé thú as críocha na hÉigipte. Ní aithnid duit aon Dia eile ach mé, ná níl aon slánaitheoir eile ann ach mé.

Táim ar tí tú a scriosadh, a Iosrael! Cé a thiocfaidh i gcabhair ort?

Gabhann tú amach chun do phobal a shábháil, chun d'ungthach féin a shlánú. Tá barr theach an drochdhuine briste agat agus a bhunsraith nochta go dtí an charraig. Selah

An bhfuil tú i bhfeirg leis na haibhneacha, a Thiarna? An in aghaidh na mara a lasann do chonfadh, go dtagann tú ag marcaíocht ar do chapaill, nó ar scuaine de do charbaid chaithréimeacha?

Ná déanaigí ceannairc in aghaidh an Tiarna. Ná bíodh eagla oraibh roimh mhuintir na tíre seo; déanfaimid iad a alpadh. Tá scáil a gcumhdaithe scartha leo, fad tá an Tiarna inár gcoimhdeacht. Na bíodh eagla oraibh rompu.”

Labhair an t‑aingeal leis na mná agus dúirt: “Ná bíodh aon eagla oraibhse, mar tá a fhios agam go bhfuil sibh ag lorg Íosa, an té a céasadh.

agus abradh sé leo: ‘Tugaigí cluas dom a Iosrael! Óir tá sibh ar tí cath a chur ar bhur naimhde inniu; bíodh misneach agaibh; ná bíodh scéin ná sceimhle ná scanradh oraibh ag tabhairt fúthu.

Ach d'fhreagair Sól: “Ní chuirfear aon duine chun báis inniu, óir rinne an Tiarna fuascailt ar Iosrael inniu.”

Fanaigí in bhur seasamh ansin dá bhrí sin agus fairigí an t‑iontas mór a dhéanfaidh an Tiarna os comhair bhur súl.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí