Eaxodus 13:21An Bíobla Naofa 1981Ghabh an Tiarna rompu mar cholún néil sa lá ag tabhairt eolas na slí dóibh, agus mar cholún tine san oíche ag tabhairt solais dóibh, i dtreo nár chás dóibh taisteal de lá nó d'oíche. Féach an chaibidil |
Tá sin ráite cheana féin acu le muintir na tíre seo. Tá a fhios acu cheana féin go bhfuil tusa, a Thiarna, i lár an phobail seo, agus go dtaispeánann tú thú féin dóibh gnúis le gnúis; gurb é do néalsa, a Thiarna, a stadann os a gcionn, agus go dtéann tú rompu mar cholún néil sa lá agus mar cholún tine san oíche.