Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Eaxodus 13:12

An Bíobla Naofa 1981

déan gach céadghin a osclóidh broinn a choisreacan don Tiarna; mar an gcéanna le gach céadghin ó ainmhí, is leis an Tiarna na fireannaigh orthu.

Féach an chaibidil Cóip

17 Tagairtí Cros  

Ina theannta sin: céadtorthaí ár n‑ithreach, agus céadtorthaí torthaí gach crainn a thabhairt gach bliain go Teampall ár nDé,

agus céadghin mic ár gclainne, agus céadghin ár n‑eallaigh, faoi mar atá scríofa sa dlí - do na sagairt ar dualgas i dTeampall an Tiarna céadghin ár dtáinte agus ár dtréada.

Labhair an Tiarna le Maois:

“Coisric dom,” ar sé, “gach céadghin; cibé a chéadosclóidh broinn i measc chlann Iosrael, idir fhear is bheithíoch, is liomsa é.”

Na bí mall ag ofráil ó lánmhaire d'urláir bhuailte ná ó mhaol do chantaoir fhíona. Ofráil céadghinte do mhac dom chomh maith.

Déan mar an gcéanna le d'eallach agus le do chaoirigh; fanadh an chéadghin seacht lá lena mháthair; ar an seachtú lá tabhair domsa é.

“Is liomsa gach a n‑osclaíonn broinn, gach fireannach is céadghin i dtréad nó i dtáin leat.

Céadghin asail, fuascail é le huan, nó mura bhfuasclaíonn tú, bris a mhuineál. Fuascail gach céadghin ar do mhic. Ná tagadh aon duine i mo láthair gan rud aige.”

Lena chois sin, thug tú na mic agus na hiníonacha a rug tú domsa agus d'íobair tú dóibhsean iad lena slogadh siar. Nár leor leat do striapachas?

Scoth na gcéadtorthaí de gach sórt agus an uile thabhartas de bhur n‑íobairtí uile, gheobhaidh na sagairt iad. Gheobhaidh na sagairt scoth bhur dtaois chomh mhaith, ionas go mairfidh beannacht i do theach.

Níl sé de chead ag aon duine céadghin a n‑ainmhithe a choisreacan, óir mar chéadghin is leis an Tiarna é ó cheart; cibé acu damh nó caora é is leis an Tiarna é.

Gach céadghin de dhúile beo más fear, más ainmhí, a thabharfar chun an Tiarna, bíodh sé agatsa. Gach céadghin fir, áfach, agus gach céadghin ainmhí neamhghlain, ní foláir duit iad a fhuascailt.

“Roghnaigh mé féin na Léivítigh as clann Iosrael in áit gach céadghin a osclaíonn an bhroinn i measc chlann Iosrael; liomsa na Léivítigh dá bhrí sin.

Óir is liomsa gach céadghin. An lá a mharaigh mé gach céadghin i dtalamh na hÉigipte, rinne mé gach céadghin in Iosrael idir dhuine agus ainmhí a choisreacan dom féin; is liomsa iad. Mise an Tiarna.”

Óir is liomsa gach céadghin ar chlann Iosrael, idir fhear agus ainmhí; an lá a mharaigh mé gach céadghin i dtír na hÉigipte, rinne mé iad a choisreacan dom féin,

mar atá scríofa i ndlí an Tiarna: “Gach fíreannach atá ina chéadghin, is rud coisricthe don Tiarna é” -

“Gach céadghin fhireann de do tháin agus do do thréad, déan é a choisreacan don Tiarna do Dhia; ná leag aon obair ar chéadghin do thána, agus ná bearr céadghin do thréada.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí