Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Eaxodus 12:6

An Bíobla Naofa 1981

Ní foláir daoibh é a choimeád go dtí an ceathrú lá déag den mhí seo nuair a mharóidh comhthionól uile Iosrael a n‑uain idir dhá sholas tráthnóna.

Féach an chaibidil Cóip

34 Tagairtí Cros  

Rinne Ióisíá Cáisc a cheiliúradh in onóir an Tiarna in Iarúsailéim, agus mharaíodar an t‑uan Cásca ar an gceathrú lá déag den chéad mhí.

Cheiliúir na deoraithe a d'fhill an Cháisc ar an gceathrú lá déag den chéad mhí.

Beidh an lá seo agaibh mar lá cuimhneacháin, agus ní foláir daoibh é a cheiliúradh mar shollúin don Tiarna. Ní foláir daoibh é a fhógairt ina lá féile ó ghlúin go glúin go deo.

Ní foláir féile an Aráin gan Ghabháile a cheiliúradh mar gur ar an lá ceannann céanna sin a thug mé bhur sluaite amach as críocha na hÉigipte; uime sin déanfaidh sibh an lá seo a cheiliúradh ó ghlúin go glúin; is reacht nach gclaonfar é sin.

Sa chéad mhí, tráthnóna an cheathrú lá déag den mhí agus uaidh sin go dtí tráthnóna an aonú lá fichead, íosfaidh sibh arán gan ghabháile.

Ní foláir do chomhthionól uile Iosrael an Cháisc a cheiliúradh.

Chuireadar chun siúil arís ó Éilím, agus shroich comhthionól uile chlann Iosrael fásach Shín, idir Éilím agus Síonái, ar an gcúigiú lá déag den dara mí tar éis dóibh an Éigipt a fhágáil.

“Chuala,” ar sé, “gearáin chlann Iosrael. Abair é seo leo: ‘Idir dhá sholas tráthnóna beidh feoil le hithe agaibh, agus ar maidin líonfar sibh le harán go smig; beidh a fhios agaibh ansin gur mise, an Tiarna, bhur nDia.’ ”

Ar an tríú ré nua ó tháinig clann Iosrael amach ó thír na hÉigipte, an lá sin shroicheadar fásach Shíonái.

Ofrálfaidh tú uan ar maidin agus an t‑uan eile tráthnóna;

Déanfaidh tú an t‑uan eile a ofráil, tráthnóna idir dhá sholas, maille le hofráil arbhair agus a hofráil dí mar a bhí ar maidin, le bheith ina bholadh cumhra agus ina íobairt loiscthe don Tiarna.

Sinn uile, amhail caoirigh, bhíomar ar seachrán, gach aon ag dul a bhealach féin. Agus d'aifir an Tiarna airsean ár gcionta go léir.

Ar an gceathrú lá déag den chéad mhí beidh ort féile na Cásca a cheiliúradh. Ar feadh seacht lá íosfaidh cách arán gan ghabháil.

An ceathrú lá déag den chéad mhí, idir dhá nóin, sin é Cáisc an Tiarna.

An ceathrú lá déag den chéad mhí Cáisc an Tiarna,

Ar an gcéad lá bíodh tionól sollúnta, agus ná déanaigí aon obair throm,

Coimeádaidís í ar an dara mí, ar an gceathrú lá déag, idir dhá sholas tráthnóna; caithidís an t‑uan le harán slim agus le luibheanna searbha;

Ach d'áitigh na hardsagairt agus na seanóirí ar na sluaite Barabas a iarraidh agus Íosa a mhilleadh.

D'fhreagair an pobal ar fad: “Go raibh a chuid fola orainn féin agus ar ár gclann!”

Ar maidin bhí a gcomhairle ullamh gan mhoill ag uachtaráin na sagart fara na seanóirí agus na scríobhaithe - an tsainidrín uile. Tar éis dóibh Íosa a cheangal, thug siad leo é agus thug ar láimh é do Phioláit.

Ach spreag uachtaráin na sagart an slua chun gurbh é Barabas seachas eisean a scaoilfeadh sé saor chucu.

Ba é an tríú huair é nuair a chéas siad é.

Chuaigh an slua suas dá bhrí sin agus thosaigh siad ar a iarraidh air déanamh dóibh mar ba ghnách.

D'éirigh siad ansin, an comhthionól uile, agus sheol siad é i láthair Phioláit.

Thosaigh siad uile ag screadach amach in éineacht: “Beir uainn é seo, ach scaoil chugainn Barabas!” -

Nuair a tugadh suas daoibh é de réir chomhairle cinnte agus réamheolas Dé, chuir sibh chun báis é, á thairneáil ar an gcrois trí lámha mallaitheoirí.

Sea, shéan sibh an té a bhí naofa fíréan agus d'iarr sibh go scaoilfí saor chugaibh dúnmharfóir.

“Is ea go deimhin, chuaigh Héaród agus Pointias Pioláit mar aon leis na ciníocha agus le pobal Iosrael i gcomhcheangal le chéile sa chathair seo féin in aghaidh do sheirbhísigh naofa, Íosa, tar éis duitse é a ungadh,

Fad a bhí muintir Iosrael ag cur fúthu i gcampa i nGilgeál, choimeádadar an Cháisc ar an gceathrú lá déag den mhí, um thráthnóna, ar mhachairí Ireachó.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí