Faoi dheireadh dúirt Iósaef lena dheartháireacha: “Táim i mbéal báis. Ach tiocfaidh Dia ag triall oraibh agus tabharfaidh sé suas sibh ón tír seo go dtí an tír a gheall sé faoi bhrí na mionn d'Abrahám, do Íosác, agus do Iacób.”
Sa bhliain ceithre chéad agus a hochtó tar éis do na hIosraelaigh teacht amach as an Éigipt, sa cheathrú bliain de réimeas Sholaimh ar Iosrael, i mí Zif, an dara mí is é sin, thosaigh sé ar Theampall an Tiarna a thógáil.
Chuir Ásá agus a lucht leanúna tóir orthu chomh fada le Gearár. Thit na Cúisigh ar lár i dtreo nár fágadh fear inste scéil mar treascraíodh iad roimh an Tiarna agus a shlua. Chruinníodar a lán creiche,
Chuireadar chun siúil arís ó Éilím, agus shroich comhthionól uile chlann Iosrael fásach Shín, idir Éilím agus Síonái, ar an gcúigiú lá déag den dara mí tar éis dóibh an Éigipt a fhágáil.
Tháinig mé anuas chun iad a fhuascailt as lámha na nÉigipteach agus chun iad a sheoladh as an tír sin isteach i dtír mhéith fhairsing, i dtír ina bhfuil bainne agus mil ina slaoda, i dtír na gCanánach agus na Hiteach, na nAmórach agus na bPirizeach, na Hiveach agus na Iabúsach.
Abair dá bhrí sin le clann Iosrael: ‘Mise an Tiarna. Déanfaidh mé sibh a fhuascailt ó na hualaí a leagann na hÉigiptigh oraibh agus saorfaidh mé sibh ó dhaoirse fúthu; agus fuasclóidh mé sibh le láimh ar tinneall agus le hollbhearta breithiúnais.
Ní éisteoidh Forann libhse; agus leagfaidh mise dá bhrí sin mo lámh ar an Éigipt agus seolfaidh mé mo shluaite, mo phobal, clann Iosrael amach as tír na hÉigipte le héachtaí breithiúnais.
i dtreo go mba eol do bhur sliocht gur chuir mé d'iallach ar chlann Iosrael maireachtáil faoi scáthláin nua a thug mé amach iad as tír na hÉigipte. Mise an Tiarna, bhur nDia.”
Thug mé aníos sibh fosta ó thír na hÉigipte agus threoraigh daichead bliain san fhásach sibh chun go bhfaigheadh sibh dúiche an Amóraigh mar oidhreacht.
Óir is mise a thug suas as críocha na hÉigipte thú; mise a d'fhuascail thú as teach na daoirse. Chuir mé Maois os do chionn agus Árón agus Miriám in éineacht leis.
Rinneadar an t‑áireamh (faoi mar a d'ordaigh an Tiarna do Mhaois agus do chlann Iosrael ag teacht dóibh on Éigipt): Fir fiche bliain d'aois agus breis:
Dia an phobail seo Iosrael, rinne sé ár n‑aithreacha a thoghadh; agus fad a bhí siad ina gcoimhthígh san Éigipt rinne sé pobal mór díobh. Ansin sheol amach as sin iad le neart a láimhe
De bhrí gurbh ansa leis do shinsir agus gur thogh sé sliocht ina ndiaidh, agus gur thug sé as an Éigipt amach thú, gan ceilt ar a láthar na ar a mhórchumhacht,
Is mian liom a chur i gcuimhne daoibh, cé gurb eol daoibh gach ní cheana don aon uair amháin ar fad, gur fhuascail an Tiarna pobal ón Éigipt ach gur scrios sé ina dhiaidh sin an mhuintir nár chreid.