Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Eaxodus 12:50

An Bíobla Naofa 1981

Rinne clann Iosrael go léir de réir mar a d'ordaigh an Tiarna do Mhaois agus d'Árón, rinneadar sin.

Féach an chaibidil Cóip

21 Tagairtí Cros  

An lá ceannann céanna ar a raibh an ceithre chéad agus deich mbliana fichead slán, d'imigh sluaite uile an Tiarna amach as tír na hÉigipte.

Beidh an dlí céanna i bhfeidhm don dúchasach agus don eachtrannach a lonnaíonn in bhur measc.”

Agus an lá sin féin thug an Tiarna clann Iosrael amach as tír na hÉigipte ina sluaite cóirithe.

Siúd iad an tÁrón agus an Maois a ndúirt an Tiarna leo: “Tabhair clann Iosrael as tír na hÉigipte ina sluaite faoi eagar.”

Ní éisteoidh Forann libhse; agus leagfaidh mise dá bhrí sin mo lámh ar an Éigipt agus seolfaidh mé mo shluaite, mo phobal, clann Iosrael amach as tír na hÉigipte le héachtaí breithiúnais.

Thug Maois an t‑airgead fuascailte d'Árón agus dá mhic de réir órdú an Tiarna mar a d'ordaigh an Tiarna do Mhaois.

Rinne iníonacha Zalofachád mar a d'aithin an Tiarna do Mhaois.

Rinne clann Iosrael amhlaidh; chuireadar as an gcampa amach iad. Rinne clann Iosrael mar a d'ordaigh an Tiarna do Mhaois.

Thug mé na Léivítigh d'Árón agus dá mhaca mar thoirbheartaigh de chlann Iosrael; déanfaidh siad seirbhís i mBoth na Teagmhála thar ceann chlann Iosrael, agus comhlíonfaidh siad gnás an leorghnímh ar son chlann Iosrael i dtreo nach mbuailfeadh aon phlá iadsan má rachadh aon chuid de chlann Iosrael i ngar don sanctóir.”

Sin mar a rinne Maois agus Árón agus comhthionól uile chlann Iosrael leis na Léivítigh, go cruinn beacht mar a d'ordaigh an Tiarna do Mhaois i dtaobh na Léivíteach; sin mar a rinne clann Iosrael leo.

Ansin ghabh na Léivítigh isteach chun a seirbhís a dhéanamh i mBoth na Teagmhála ag fónamh d'Árón agus dá mhaca. Rinneadh leis na Léivítigh de réir mar a d'ordaigh an Tiarna do Mhaois ina dtaobh.

Cheiliúradar an Cháisc i bhfásach Shíonái, ar an gcéad mhí, ar an gceathrú lá déag den mhí sin, idir dhá sholas tráthnóna. Rinne clann Iosrael go cruinn beacht mar a d'ordaigh an Tiarna dóibh.

ag múineadh dóibh gach ní atá ordaithe agam a choinneáil. Agus féach, táim in éineacht libh i gcónaí go dtí deireadh an tsaoil.”

Má tá a fhíos agaibh na nithe sín, is méanar daoibh má dhéanann sibh iad.

Sibhse mo chairde má dhéanann sibh na nithe a ordaím daoibh.

Dúirt a mháthair leis an lucht freastail: “Déanaigí cibé ní a déarfaidh sé libh.”

A n‑ordaím daoibh déanaigí é go léir le barr cúraim; ná cuir leis agus ná bain uaidh.

Trí chreideamh d'fhág sé an Éigipt ach ní toisc go raibh eagla air roimh fhearg an rí. Óir bhí an Té dofheicthe os comhair a shúl aige i gcónaí.

Amach leis na madraí, na hasarlaithe, na hadhaltranaigh, na dúnmharfóirí, lucht an íoladhartha, agus gach duine a bhfuil cion aige ar an éitheach agus a chleachtann é.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí