Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Eaxodus 12:5

An Bíobla Naofa 1981

Ní foláir an t‑uan agaibh a bheith gan mháchail, fireann agus in aois bliana; is cuma an meannán nó uan caorach a thógfaidh sibh.

Féach an chaibidil Cóip

14 Tagairtí Cros  

Má bhíonn an líon tí róbheag chun an t‑uan a ithe, caithfidh an fear dul i gcomhar lena chomharsa béal dorais de réir mar a éilíonn líon na ndaoine. Ag comhaireamh líon ite an uain caithfidh sibh goile gach duine a mheas.

Más ainmhí ón tréad, ceann de na caoirigh nó de na gabhair, a bheidh le hofráil aige le huileloscadh, ofráladh sé fireannach gan mháchail.

Más beithíoch ón táin atá á ofráil aige ina íobairt uileloiscthe, ofráladh sé fireannach gan mháchail, agus ofráladh sé é ag doras Bhoth na Teagmhála i dtreo go mbeadh sé taitneamhach i láthair an Tiarna.

An lá céanna a dhéanfaidh sibh an dleacht ar leith seo a ofráil, ofrálfaidh sibh uan bliana gan mháchail mar íobairt uileloiscthe don Tiarna.

Mallacht ar an gcluanaí a bhfuil ainmhí fireann folláin ina thréad aige agus, tar éis dó móid a dhéanamh, nach n‑ofrálann don Tiarna ach ceann spochta. Óir, is Ardrí mise, a deir Tiarna na Slua, agus is uaimhneach m'ainm i measc na náisiún.

tarbh óg, reithe, agus uan fireann bliana don íobairt loiscthe;

tarbh óg, reithe agus uan fireann bliana don íobairt loiscthe;

“Ná híobair don Tiarna do Dhia damh ná caora ar a bhfuil máchail, nó iomard ar bith, mar is gráin leis an Tiarna do Dhia a leithéid.

Ba é a leithéid sin d'ardsagart a bhí oiriúnach dúinn: sagart naofa, neamhurchóideach, gan smál, a bhí scartha ó na peacaigh agus tógtha suas os cionn na bhflaitheas;

Bhí Sól... bliain d'aois nuair a thosaigh a réim agus bhí sé i réim dhá bhliain agus... ina rí ar Iosrael.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí