Labhraígí le comhthionól Iosrael go léir agus abraigí: Ar an deichiú lá den mhí seo, tógadh gach fear uan ón tréad, ceann do gach clann, uan do gach líon tí.
Ach an té atá glan agus nach bhfuil ar aistear, ach nach gcoimeádann an Cháisc san am céanna, gearrtar an duine sin amach óna phobal, mar nár ofráil sé ofráil an Tiarna ag an am a bhí ceaptha; bíodh ualach a pheaca ar an té sin.
Má bhíonn coimhthíoch ag cur faoi in bhur measc agus go gcoimeádann an Cháisc don Tiarna, ní foláir dó í a choimeád de réir reacht agus gnás na Cásca. Bíodh an t‑aon reacht amháin in bhur measc do dheoraí agus do dhúchasach mar an gcéanna.’ ”