Itear an t‑uan san aon teach amháin; ná tógtar aon chuid den fheoil lasmuigh den teach; ná brisigí aon chnámh ann.
Is iomaí sin buairt ar an bhfíréan, ach fuasclaíonn an Tiarna orthu uile é;
cosnaíonn sé a chnámha go léir; ní bhrisfear oiread is aon cheann amháin acu.
ná fágtar aon chuid de go maidin, agus ná bristear aon chnámh ann; coimeádaidís an Cháisc seo ar aon dul díreach le gnás na Cásca.
Ar theacht dóibh go dtí Íosa, áfach, ó chonaic siad go raibh sé marbh cheana féin, níor bhris siad a lorgaí,
Óir tharla an méid sin chun go gcomhlíonfaí an scrioptúr: “Aon chnámh ann ní bhrisfear.”
Is aonad an corp agus mórán ball ann, ach dá líonmhaire iad na baill ní dhéanann siad uile ach aon chorp amháin. Is é an dála céanna ag Críost é: