Agus thug sé leis amach é agus dúirt: “Féach suas ar an spéir agus comhair na réaltaí más féidir duit iad a áireamh. Mar sin,” ar sé ansin, “a bheidh do shíol.”
Ansin bhunaigh Iósaef a athair agus a dheartháireacha, agus thug seilbh dóibh, i dtír na hÉigipte, sa chuid is fearr den talamh, i ndúiche Ramasaes mar a d'ordaigh Forann.
“Tabharfaimid linn ár n‑óga agus ár liatha,” arsa Maois. “Tabharfaimid linn ár gclann mhac agus iníonacha, ár dtréada agus ar dtáinte, mar sí féile an Tiarna againn í.”
fiche beica an duine (leath seicil is é sin, de réir thomhas seicil an tsanctóra) i gcomhair gach duine a áiriodh sa daonáireamh a bhí fiche bliain agus breis, sé chéad agus a trí mhíle, cúig chéad go leith fear.
“Déanaigí daonáireamh ar chomhthionól uile chlann Iosrael de réir chlann agus fine athartha, ag cur ainm gach fireannaigh, ceann ar cheann, san áireamh.
Ba é sin líon chlann Iosrael nuair a rinneadh an daonáireamh de réir teaghlach sinsearachta. Ba é líon iomlán an champa uile, cóirithe ina gceannasaíochtaí faoi leith, sé chéad agus a trí mhíle cúig céad agus a caoga fear.
D'fhágadar Ramasaes an chéad mhí. Ba ar an gcúigiú lá déag den chéad mhí, an lá tar éis na Cásca, a chuir clann Iosrael chun bealaigh go caithréimeach os comhair súile na nÉigipteach go léir.