Bhí rud déanta ag clann Iosrael ar Mhaois chomh maith, mar d'iarradar seoda airgid agus óir agus éadaí ar na hÉigiptigh.
Ach déanfaidh mise breithiúnas chomh maith ar an gcine faoina mbeidh siad i ndaoirse, agus tiocfaidh siad amach ina dhiaidh sin le mórán maoine.
Thóg sé amach seoda óir agus airgid agus éadaí agus thug do Ribeacá iad; thug sé ornáidí luachmhara dá deartháir agus dá máthair chomh maith.
Chabhraigh a gcomharsana leo ar gach bealach le hairgead, le hór, le maoin, le heallach agus le tabhartais luachmhara, agus le hofrálacha deonacha de gach sórt.
Sheol sé amach iad le hór is le hairgead, gan lagrachán ar bith ina dtreibheanna.
D'imigh clann Iosrael ansin agus rinneadar amhlaidh; de réir mar a d'ordaigh an Tiarna do Mhaois agus d'Árón is ea a rinneadar.
tráth cuardaigh, tráth caillte, tráth coimeádta, tráth caite,