Dúirt Éasau lena athair: “An amhlaidh nach bhfuil agat ach an t‑aon bheannacht amháin, a athair? Cuir beannacht ormsa, chomh maith, a athair liom.” [Níor labhair Íosác focal], ach scread Éasau in ard a chinn agus bhris a ghol air.
Caithfidh ár stoc dul linn chomh maith; ní fhágfaimid crúb inár ndiaidh; mar ní foláir dúinn ár n‑ofrálacha don Tiarna ár nDia a dhéanamh astu, agus ní eol dúinn féin cén íobairt atá le déanamh againn don Tiarna go sroichfimid an áit.”
“Tabharfaimid linn ár n‑óga agus ár liatha,” arsa Maois. “Tabharfaimid linn ár gclann mhac agus iníonacha, ár dtréada agus ar dtáinte, mar sí féile an Tiarna againn í.”
“Ligfidh mé daoibh,” arsa Forann, “dul agus íobairt a dhéanamh don Tiarna bhur nDia san fhásach, ach gan sibh a dhul i bhfad ó bhaile. Guígí ar mo shon!”