Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Eaxodus 12:31

An Bíobla Naofa 1981

Chuir sé fios ar Mhaois agus ar Árón san oíche agus dúirt leo: “Éirígí láithreach, sibh féin agus clann Iosrael, agus amach libh ó mo mhuintirse; imigí agus déanaigí íobairt don Tiarna mar a d'iarr sibh.

Féach an chaibidil Cóip

12 Tagairtí Cros  

Bhí áthas ar na hÉigiptigh nuair a d'imigh siad óir bhí uamhan agus eagla orthu rompu.

“Breith do bhéil féin é!” arsa Maois. “Ní thiocfaidh mé i do láthair go deo arís.”

“Tabharfaimid linn ár n‑óga agus ár liatha,” arsa Maois. “Tabharfaimid linn ár gclann mhac agus iníonacha, ár dtréada agus ar dtáinte, mar sí féile an Tiarna againn í.”

Dúirt an Tiarna le Maois: “Tá aon phlá amháin eile agam le cur ar Fhorann agus ar an Éigipt; ligfidh sé daoibh imeacht as seo ina dhiaidh sin; nuair a ligfidh sé daoibh imeacht tiomáinfidh sé chun siúil ar fad sibh.

Ansin tiocfaidh na searbhóntaí seo go léir agat ag triall orm agus sléachtfaidh siad dom á rá: ‘Amach leat, agus leis an bpobal go léir a leanann thú!’ Ansin imeoidh mé amach.” Agus ghabh Maois amach ó láthair Fhorainn agus é ar lasadh le fearg.

Bhácáladar builíní den taos slim a thugadar leo as an Éigipt; bhí an taos gan ghabháile mar gur tiomáineadh as an Éigipt iad agus gan d'uain acu fanacht, agus gan lón bóthair a sholáthar dóibh féin.

Ach dúirt an Tiarna le Maois: “Feicfidh tú anois féin céard a dhéanfaidh mise le Forann. Le láimh láidir, sea le láimh láidir, a chaithfidh sé ligean dóibh imeacht as a thír.”

Ansin ghlaoigh Forann ar Mhaois agus ar Árón agus dúirt: “Imígí agus déanaigí íobairt do bhur nDia, ach laistigh de na críocha seo!”

Ansin ghlaoigh Forann ar Mhaois agus ar Árón agus dúirt: “Iarraigí ar an Tiarna na froganna a thógáil díomsa agus de mo mhuintir agus ligfidh mise don phobal dul agus íobairt a dhéanamh don Tiarna.”

Cad ab áil libh ag cruachan bhur gcroí, faoi mar a chruaigh na hÉigiptigh agus Forann a gcroí? Tar éis dó magadh fúthu, nár scaoileadar leis an bpobal agus nár imíodarsan?




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí