D'éirigh Forann agus a shearbhóntaí go léir agus na hÉigiptigh go léir san oíche agus tharla uaill olagóin san Éigipt mar ní raibh teach gan marbh ann.
go ndearna sé slí dá dhíbheirg. Níor scaoil sé saor ón mbás iad ach rinne sé a mbualadh leis an bplá.
“Bíodh an Tiarna faraibh go brách, má scaoilimse libh féin agus le bhur miondaoine,” arsa Forann leo. “Féach, tá drochfhuadar fúibh!
Beidh racht olagóin chomh tréan sin ar fud na hÉigipte ar fad nár chualathas a leithéid riamh roimhe sin agus nach ndéanfar go brách arís.
An té a thugann cluas bhodhar d'éamh an bhochtáin nuair a ghlaofaidh sé féin, ní eistfear leis.
agus beidh caoineadh sna fíonghoirt go léir, óir rachaidh mise thart in bhur measc, a deir an Tiarna.
Ar a aghaidh amach gabhann an phlá; tá an fiabhras ag gluaiseacht lena shála.
Ach glaodh i lár na hoíche: ‘Chugaibh an fear nuaphósta! Amach libh ina airicis!’
Óir tá breithiúnas gan trócaire le tabhairt ar an té nach ndearna trócaire; ach sáraíonn an trócaire an breithiúnas.
An mhuintir nach bhfuair bás, bhris neascóidí amach orthu agus bhí an liú ón gcathair ag dul suas chun neimhe.