Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Eaxodus 12:26

An Bíobla Naofa 1981

Agus nuair a chuirfidh bhur gclann an cheist chugaibh: ‘Cad is ciall leis an searmanas seo agaibh?’

Féach an chaibidil Cóip

16 Tagairtí Cros  

Fógrófar d'oibreacha ó ghlúin go glúin agus foilseofar do chumhacht mar an gcéanna.

Do stiúrthóir an chóir. Mascil chlann Chorach.

agus i dtreo go n‑eachtrófása do do mhac agus do mhac do mhic conas mar a bhuail mé bob ar na hÉigiptigh agus go mbeadh a fhios agaibh gur mise an Tiarna.”

Nuair a shroichfidh sibh an tír atá ag an Tiarna á thabhairt daoibh, mar a gheall sé, ní foláir daoibh an searmanas seo a chomhlíonadh.

Níor theip an colún néil sa lá ná an colún tine san oíche, ach lean ar aghaidh os comhair an phobail.

An beo, an beo amháin a cheiliúrann thú, mar a dhéanaim féin inniu. Athair mé ag meabhrú do dhílseachta dá chlann.

Agus sibhse, a aithreacha, ná déanaigí bhur leanaí a chiapadh, ach iad a thógáil faoi oiliúint agus smacht an Tiarna.

Déanaigí iad a theagasc do bhur gclann agus a aithris dóibh - i do shuí i do theach duit, nó ag siúl na slí, nó i do luí nó ag éirí duit.

Cuimhnigh ar na laethanta a bhí, agus machtnaigh ar na blianta ó ghlúin go glúin. Cuir ceist ar d'athair agus tabharfaidh sé fios duit agus ar do sheanóirí agus cuirfidh siad ar an eolas thú.

“Nuair a chuirfidh do mhac ceist ort san am atá le teacht: ‘Cad is ciall leis na haitheanta agus na dlíthe agus na reachtanna a d'aithin an Tiarna ár nDia daoibh?’

Déan iad a theagasc go dúthrachtach do do chlann, agus iad a aithris dóibh i do shuí i do theach duit, nó ag siúl na slí, nó i do luí nó ag éirí duit.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí