Ghairm Maois chuige seanóirí Iosrael go léir agus dúirt leo: “Seo libh agus tógaigí uain ón tréad daoibh féin de réir bhur líon tí agus maraígí an t‑uan Cásca.
Bhí na sagairt agus na Léivítigh tar éis iad féin a íonghlanadh in éineacht; bhí siad uile glan agus mharaigh siad an t‑uan Cásca thar ceann na ndeoraithe go léir a d'fhill, thar ceann a mbráithre na sagairt agus thar a gceann féin.
Seo mar a bheidh sibh agus sibh á ithe: crios faoi bhur gcoim, agus cuaráin ar bhur gcosa, agus bata in bhur láimh. Ithigí é faoi dheifir. Is Cáisc in onóir an Tiarna é.
Labhraígí le comhthionól Iosrael go léir agus abraigí: Ar an deichiú lá den mhí seo, tógadh gach fear uan ón tréad, ceann do gach clann, uan do gach líon tí.
Agus dúirt an Tiarna le Maois: “Tabhair leat cuid de sheanóirí Iosrael agus téigh ar thosach an phobail. Beir i do láimh ar an tslat lenar bhuail tú an abhainn, agus seo leat.
“Imigh agus cruinnigh seanóirí chlann Iosrael le chéile agus abair leo: ‘An Tiarna, Dia bhur n‑aithreacha, Dia Abrahám, Dia Íosác, Dia Iacóib, thaispeáin sé é féin dom, agus dúirt sé liom: Tháinig mé ar cuairt chugaibh agus chonaic mé a ndearnadh libh san Éigipt;
Dúirt an Tiarna le Maois: “Cruinnigh dom seachtó de sheanóirí Iosrael, daoine is eol duit is sinsir ar an bpobal agus is scríobhaithe acu. Beir leat iad go Both na Teagmhála agus seasaídís ansiúd farat.
Fad a bhí muintir Iosrael ag cur fúthu i gcampa i nGilgeál, choimeádadar an Cháisc ar an gceathrú lá déag den mhí, um thráthnóna, ar mhachairí Ireachó.