Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Eaxodus 12:17

An Bíobla Naofa 1981

Ní foláir féile an Aráin gan Ghabháile a cheiliúradh mar gur ar an lá ceannann céanna sin a thug mé bhur sluaite amach as críocha na hÉigipte; uime sin déanfaidh sibh an lá seo a cheiliúradh ó ghlúin go glúin; is reacht nach gclaonfar é sin.

Féach an chaibidil Cóip

12 Tagairtí Cros  

Beidh an lá seo agaibh mar lá cuimhneacháin, agus ní foláir daoibh é a cheiliúradh mar shollúin don Tiarna. Ní foláir daoibh é a fhógairt ina lá féile ó ghlúin go glúin go deo.

Coimeádfaidh sibh an searmanas seo mar reacht daoibh féin agus do bhur gclann go brach.

An lá ceannann céanna ar a raibh an ceithre chéad agus deich mbliana fichead slán, d'imigh sluaite uile an Tiarna amach as tír na hÉigipte.

Ní foláir daoibh é a choimeád go dtí an ceathrú lá déag den mhí seo nuair a mharóidh comhthionól uile Iosrael a n‑uain idir dhá sholas tráthnóna.

Comhlíon an reacht seo gach bliain dá bhrí sin ag an am atá beartaithe dó. ”

Dúirt Maois leis an bpobal: “Cuimhnígí ar an lá seo a tháinig sibh amach ón Éigipt ó theach na daoirse; óir is le neart a láimhe a rug an Tiarna sibh amach as; ná hitear aon arán gabháilte.

Agus tabhair fios fátha an scéil do do mhac an lá sin: ‘Is de bharr a ndearna an Tiarna dom nuair a tháinig mé amach as an Éigipt é seo!’

Ceiliúir Féile an tSlimaráin; ith arán gan ghabháile mar a d'ordaigh mé duit ag an tráth ceaptha i mí Áibíb, óir i mí Áibíb tháinig sibh amach as tír na hÉigipte.”

Siúd iad an tÁrón agus an Maois a ndúirt an Tiarna leo: “Tabhair clann Iosrael as tír na hÉigipte ina sluaite faoi eagar.”

Agus tabharfar le fios do na hÉigiptigh go léir gur mise an Tiarna nuair a shínfidh mé mo lámh in aghaidh na hÉigipte agus a thabharfaidh mé clann Iosrael amach óna measc.”

Ghlaomar chun an Tiarna; d'éist sé linn agus chuir sé aingeal chugainn chun sinn a thabhairt amach as an Éigipt. Táimid anois i gCáidéis, cathair ar imeall do chríche.

Ná hith aon arán gabháilte mar aon léi; ar feadh seacht lá ith slimarán léi, arán an chruatain, óir is le teann deabhaidh a tháinig tú amach as tír na hÉigipte; cuimhnigh dá bhrí sin, gach lá de do shaol, ar an lá a tháinig tú amach as tír na hÉigipte.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí