Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Eaxodus 12:15

An Bíobla Naofa 1981

Caithfidh sibh arán gan ghabháile a ithe ar feadh seacht lá. An chéad lá cuirigí an ghabháile go léir as bhur dtithe amach; mar cibé duine a íosfaidh arán ina bhfuil gabháile, ón gcéad lá go dtí an seachtú lá, teascfar amach ó Iosrael é.

Féach an chaibidil Cóip

28 Tagairtí Cros  

An fireannach gan timpeallghearradh, nár gearradh a fhorchraiceann timpeall, gearrfar amach óna phobal é; bhris sé mo Chonradh.”

Rinne na hIosraelaigh in Iarúsailéim féile an aráin gan ghabháile a cheiliúradh ar feadh seacht lá le barr lúcháire; bhí na Léivítigh agus na sagairt ag moladh an Tiarna de lá agus d'oíche ar a gcroídhícheall.

Cheiliúir siad féile an tSlimaráin ar feadh seacht lá le háthas croí, mar thug an Tiarna ábhar lúcháire dóibh, mar gur bhog sé croí rí na hAsaíre le misneach a thabhairt dóibh i mbun a saothair ar Theampall an Tiarna, Dia Iosrael.

Íosfaidh siad an fheoil an oíche sin arna róstadh ar thine; beidh arán gan ghabháile agus luibheanna searbha mar anlann léi.

Dúirt Maois leis an bpobal: “Cuimhnígí ar an lá seo a tháinig sibh amach ón Éigipt ó theach na daoirse; óir is le neart a láimhe a rug an Tiarna sibh amach as; ná hitear aon arán gabháilte.

Ceiliúir féile an tslimaráin; ith arán slim, mar a d'aithin mé duit, ar feadh seacht lá ag an am a ceapadh i mí Áibíb, óir is sa mhí sin a tháinig tú as an Éigipt. Ná tagadh aon duine i mo láthair gan ní éigin ina láimh.

Aon duine a dhéanfaidh cumasc mar é nó a chuirfidh aon bhraon de ar choimhthíoch, déanfar é a ionnarbadh óna phobal.’ ”

Aon duine a dhéanfaidh a macasamhail le húsáid mar chumhrán, déanfar é a ionnarbadh óna phobal.”

Ní foláir daoibh an tsabóid a choimeád, dá réir sin; bíodh sí naofa agaibh. An té a bhriseann í, cuirfear chun báis é; aon duine a dhéanann saothar ar an tsabóid, déanfar é a ionnarbadh óna phobal.

Ceiliúir Féile an tSlimaráin; ith arán gan ghabháile mar a d'ordaigh mé duit ag an tráth ceaptha i mí Áibíb, óir i mí Áibíb tháinig sibh amach as tír na hÉigipte.”

“Ná hofráil dom fuil m'íobarthaigh mar aon le harán slim; agus ná cuirtear íobarthach Fhéile na Cásca i leataobh go maidin.

Aon duine de theaghlach Iosrael, nó aon deoraí ag cur faoi in bhur measc, má chaitheann sé fuil d'aon sórt, cuirfidh mé púic orm féin chun an duine sin a chaith an fhuil agus gearrfaidh mé amach óna phobal é.

Óir fuil gach feola is anam di; uime sin a dúirt mé le clann Iosrael: Ná caithigí fuil aon fheola mar is í a fuil anam gach feola agus aon duine a chaithfidh í, gearrfar amach óna phobal é.

An té a dhéanann amhlaidh, nár fhága an Tiarna sliocht ná síol aige i mbothanna Iacóib, ná ina measc siúd a ofrálann íobairt do Thiarna na Slua.

agus is lá féile an cúigiú lá déag den mhí seo; itear arán slim ar feadh seacht lá.

Ach an té atá glan agus nach bhfuil ar aistear, ach nach gcoimeádann an Cháisc san am céanna, gearrtar an duine sin amach óna phobal, mar nár ofráil sé ofráil an Tiarna ag an am a bhí ceaptha; bíodh ualach a pheaca ar an té sin.

Thuig siad ansin narbh í gabháil an aráin a dúirt sé a bhí le seachaint acu, ach teagasc na bhFairisíneach agus na Sadúcach.

Lena linn sin, agus an slua cruinnithe le chéile ina mílte móra go dtí go raibh siad ag satailt ar a chéile, thosaigh sé ag caint lena dheisceabail ar dtús: “Seachnaígí sibh féin ar ghabháil - is é sin, ar bhréagchrábhadh - na bhFairisíneach.

agus nuair a bhí na laethanta caite acu, agus iad ag filleadh, d'fhan an buachaill Íosa in Iarúsailéim ina ndiaidh, gan fhios dá thuismitheoirí.

Nuair a chonaic sé gur thaitin sin leis na Giúdaigh, chinn sé ar Pheadar a ghabháil chomh maith. Laethanta an tslimaráin a bhí ann,

Iad siúd atá ag cur mearbhaill oraibh is é mo thrua nach ndéanann siad iad féin a choilleadh chomh maith!

Ná hith aon arán gabháilte mar aon léi; ar feadh seacht lá ith slimarán léi, arán an chruatain, óir is le teann deabhaidh a tháinig tú amach as tír na hÉigipte; cuimhnigh dá bhrí sin, gach lá de do shaol, ar an lá a tháinig tú amach as tír na hÉigipte.

Ná hofráil íobairt na Cásca in aon bhaile dá dtugann an Tiarna do Dhia duit;

Ar feadh sé lá, ith arán slim agus ar an seachtú lá bíodh tionól clabhsúir don Tiarna do Dhia; ná déan aon sórt oibre an lá sin.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí