Ná fágaigí aon fhuílleach de gan ithe go maidin; a mbeidh gan ithe go maidin, loiscigí é [agus ní bhrisfidh sibh cnámh ann].
Dúirt Maois leo: “Ná fágadh aon duine aon chuid de go maidin.”
Ná hofráil fuil m'íobarthaigh fara arán gabháilte, agus ná fág méith íobarthaigh mo fhéile go lá arna mhárach.
Má fhágfar aon chuid de fheoil an oirnithe nó den arán go maidin, ansin loiscfidh tú an fuílleach le tine; ní íosfar é mar is naofa dó.
“Ná hofráil dom fuil m'íobarthaigh mar aon le harán slim; agus ná cuirtear íobarthach Fhéile na Cásca i leataobh go maidin.
Ní foláir í a ithe an lá céanna, nó lá arna mhárach; a mbeidh fágtha an tríú lá ní foláir é a loscadh.
Ní foláir í a ithe an lá céanna gan aon chuid di a choimeád go maidin. Mise an Tiarna.
ná fágtar aon chuid de go maidin, agus ná bristear aon chnámh ann; coimeádaidís an Cháisc seo ar aon dul díreach le gnás na Cásca.