Thug an Tiarna fabhar don phobal i súile na nÉigipteach; agus Maois féin, ba dhuine mór le rá é i gcríocha na hÉigipte, i súile shearbhóntaí Fhorainn agus an phobail.
Gach slógadh dá ndearna tú, bhí mé in éineacht leat; rinne mé do naimhde go léir a threascairt romhat. An té is mó ar talamh, ní mó a chlú ná an clú a thabharfaidh mé duitse.
Tiocfaidh clann lucht an ansmachta ag cromadh síos i do láthair; sléachtfaidh ag do chosa an dream a mba tháir leo thú. Tabharfaidh siad Cathair an Tiarna ort, Síón Neach Naofa Iosrael.
Cad é comharthaí agus iontais a chuir an Tiarna faoi deara dó a déanamh i dtír na hÉigipte in aghaidh Fhorainn agus a shearbhóntaí agus a thíre go léir!
Féach! tabharfaidh mé do shionagóg Shátain iad siúd a deir gur Giúdaigh iad féin agus nach ea, ach gur bréag dóibh sin, agus, féach, cuirfidh mé iallach orthu teacht agus sléachtadh ag do chosa agus a thuiscint go bhfuil grá agam duit.