Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Eaxodus 10:28

An Bíobla Naofa 1981

Dúirt Forann leis ansin: “Fág mo radharc! Seachain! Ná tar i mo láthair arís óir an lá a dhéanfaidh tú, marófar thú.”

Féach an chaibidil Cóip

6 Tagairtí Cros  

Chuir an físí fearg ar Ásá agus chuir an rí i ngeimhle i gcarcair é le barr feirge leis dá bharrsan; san am céanna thosaigh Ásá ar chos ar bolg a imirt ar chuid den phobal freisin.

Ach chuir an rí isteach air ina chaint dó agus dúirt: “Ar cheapamar thú i do chomhairleoir don rí? Mura mian leat go mbásófaí thú, cuir uait an chaint sin!” Baineadh stad as an bhfáidh, ach ansin lean sé air: “Tá a fhios agam gur chinn Dia ar thú a scriosadh mar gur iompair tú thú féin mar seo agus gur dhiúltaigh tú éisteacht le mo chomhairle.”

Ní mar sin a bheidh! Téadh na fir agaibh, agus déanaidís íobairt don Tiarna. Sin é atá uaibh.” Agus tiomáineadh ó láthair Fhorainn iad.

agus bhí Eilíeizir (“Dia Mo Chabhair”) mar ainm ar an bhfear eile mar go ndúirt sé: “Dia m'athar mo chabhair mar d'fhuascail sé mé ó chlaíomh Fhorainn.”

Níl do thairngreacht uainn anseo i mBéit Éil mar is ann atá sanctóir an rí, teampall ríoga.”

Trí chreideamh d'fhág sé an Éigipt ach ní toisc go raibh eagla air roimh fhearg an rí. Óir bhí an Té dofheicthe os comhair a shúl aige i gcónaí.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí