Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Eaxodus 10:24

An Bíobla Naofa 1981

Chuir Forann fios ar Mhaois ansin agus dúirt: “Imígí agus déanaigí íobairt don Tiarna. Ní miste bhur miondaoine a dhul libh, ach caithfidh bhur dtréada agus bhur dtáinte fanacht anseo.”

Féach an chaibidil Cóip

7 Tagairtí Cros  

A stoc, a maoin, agus a n‑eallach go léir, nach linn iad ach aontú leo agus iad a lonnú inár measc?”

D'fhreagair Maois: “Ní foláir duit sás íobairtí agus ofrálacha uileloiscthe don Tiarna ar nDia a ligean linn chomh maith.

Ansin ghlaoigh Forann ar Mhaois agus ar Árón agus dúirt: “Imígí agus déanaigí íobairt do bhur nDia, ach laistigh de na críocha seo!”

“Ligfidh mé daoibh,” arsa Forann, “dul agus íobairt a dhéanamh don Tiarna bhur nDia san fhásach, ach gan sibh a dhul i bhfad ó bhaile. Guígí ar mo shon!”

Ansin ghlaoigh Forann ar Mhaois agus ar Árón agus dúirt: “Iarraigí ar an Tiarna na froganna a thógáil díomsa agus de mo mhuintir agus ligfidh mise don phobal dul agus íobairt a dhéanamh don Tiarna.”

Guígí chun an Tiarna: tá ár ndóthain againn den toirneach agus den chlochshneachta; ligfidh mé libh agus ní bheidh a thuilleadh moille anseo oraibh.”




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí