agus i dtreo go n‑eachtrófása do do mhac agus do mhac do mhic conas mar a bhuail mé bob ar na hÉigiptigh agus go mbeadh a fhios agaibh gur mise an Tiarna.”
Nuair a chuirfidh do mhac ceist chugat san am atá romhat: ‘Cén chiall atá leis seo?’ déarfaidh tú leis: ‘Thug an Tiarna amach sinn ón Éigipt, ó theach na daoirse;
Ansin cruafaidh mé croí Fhorainn agus rachaidh sé sa tóir orthu agus bainfidh mé glóir amach de bharr Fhorainn agus a shlua; beidh a fhios ag na hÉigiptigh gur mise an Tiarna.” Rinneadar amhlaidh.
Mar seo a deir an Tiarna: Tabharfar le fios duit ar an gcuma seo gur mise an Tiarna: leis an tslat seo i mo láimh buailfidh mé uisce na habhann agus déanfar fuil de.
Agus tabharfar le fios do na hÉigiptigh go léir gur mise an Tiarna nuair a shínfidh mé mo lámh in aghaidh na hÉigipte agus a thabharfaidh mé clann Iosrael amach óna measc.”
Thruailligh mé iad lena mbronntanais féin, ag tabhairt orthu a gcéadghinte a íobairt le tine, ionas go mbuailfeadh uafás iad; rinne mé amhlaidh le go dtuigfidís gur mise an Tiarna.
Nuair a thug mé isteach iad sa tír a mhionnaigh mé a thabhairt dóibh, d'ofrálaidís a n‑íobairtí agus a mbronntanais bhearránacha, aon áit a bhfeicidís cnoc ard nó crann duilleach. Ansin mar an gcéanna a scaoilidís a mboladh cumhra agus a dhoirtidís a ndeochanna ofrála.
“Bí aireach i mbeart, agus bí san airdeall. Ná déan dearmad ar na nithe a chonaic do shúile cinn agus ná lig dóibh sleamhnú as do chroí aon lá de do shaol; múin do do shliocht iad agus do shliocht do shleachta.