Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Eaxodus 10:16

An Bíobla Naofa 1981

Chuir Forann fios le teann deabhaidh ar Mhaois agus ar Árón agus dúirt: “Pheacaigh mé in aghaidh an Tiarna, bhur nDia, agus in bhur n‑aghaidh féin.

Féach an chaibidil Cóip

14 Tagairtí Cros  

agus dúirt leis an rí: “Ná cuireadh mo thiarna éagóir i mo leith; ná cuimhnigh ar an gcoir a rinne do shearbhónta an lá a d'fhág mo thiarna an rí Iarúsailéim. Caitheadh an rí as a aigne í.

Ach tháinig aiféala ar Dháiví ina chroí istigh ar ball cionn is go ndearna sé daonáireamh ar an bpobal. “Tá peaca trom déanta agam,” ar sé leis an Tiarna. “Ach anois, a Thiarna, impím ort an cion seo a mhaitheamh do do sheirbhíseach. Ba an-amaideach an rud dom é.”

Nuair a chonaic Dáiví an t‑aingeal a bhí ag scrios an phobail, labhair sé leis an Tiarna: “Is mise a pheacaigh,” ar sé, “is mise a rinne an drochrud seo. Ach an tréad seo, cad atá déanta acusan? Luíodh do lámh go trom ormsa mar sin, impím ort, agus ar mo chlann.”

Ansin ghlaoigh Forann ar Mhaois agus ar Árón agus dúirt: “Imígí agus déanaigí íobairt do bhur nDia, ach laistigh de na críocha seo!”

Ansin ghlaoigh Forann ar Mhaois agus ar Árón agus dúirt: “Iarraigí ar an Tiarna na froganna a thógáil díomsa agus de mo mhuintir agus ligfidh mise don phobal dul agus íobairt a dhéanamh don Tiarna.”

Ansin chuir Forann fios ar Mhaois agus ar Árón agus dúirt leo: “Admhaím mo pheaca an turas seo! Tá an Tiarna sa chóir agus mise agus mo mhuintir san éagóir.

Ní rithfidh leis an té a cheileann a chionta; ach an té a admhaíonn iad agus a thréigeann iad, déanfar trócaire air.

Tháinig an pobal go Maois agus dúradar: “Pheacaíomar lenár gcaint in aghaidh an Tiarna agus i d'aghaidhse. Guigh chun an Tiarna á iarraidh air na nathracha a thógáil dínn.” Ghuigh Maois ar son an phobail.

Ansin dúirt Balám le haingeal an Tiarna: “Rinne mé peaca. Ní raibh a fhios agam go raibh tú i do sheasamh sa tslí orm. Anois más ea, má tá tú i bhfearg liom, rachaidh mé ar ais.”

ag rá: “Ba pheaca dom fuil neamhchiontach a bhrath.” Ach dúirt siad sin: “Cad é sin dúinne? Féach féin chuige.”

Dúirt Sól le Samúéil: “Pheacaigh mé óir sháraigh mé aithne an Tiarna agus d'orduithese, mar gurbh eagal liom an pobal agus gur ghéill mé dá nglór.

“Pheacaigh mé,” arsa [Sól], “ach tabhair urraim éigin dom i láthair seanóirí mo phobail agus i láthair Iosrael, agus fill ar ais liom le go ndéanfainn an Tiarna do Dhia a adhradh.”

D'fhreagair Sól: “Pheacaigh mé! Fill, a Dháiví, a mhic. Ní dhéanfaidh mé díobháil a thuilleadh duit, mar bhí an oiread sin urrama agat do mo bheo inniu. Baois, sea baois, a ba ea mo chúrsa, agus ba mhór é mo mhearbhall.”




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí