Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Eaxodus 10:15

An Bíobla Naofa 1981

Óir chlúdaíodar dromchla na talún ar fad i dtreo go raibh an talamh dubh leo; agus d'itheadar a raibh fágtha ag an gclochshneachta de ghlasraí san ithir agus de thorthaí ar na crainn; níor fhan aon ní glas, crann ná luibh sa bhán, ar fud chríocha na hÉigipte ar fad.

Féach an chaibidil Cóip

11 Tagairtí Cros  

Thug sé a bhfómhar don chruimh, agus toradh a saothair don lócaiste.

Ansin dúirt an Tiarna le Maois: “Sín do lámh amach os cionn talamh na hÉigipte chun na lócaistí a thabhairt i dtreo go dtiocfaidh siad anuas ar thalamh na hÉigipte agus gach glasra ar an talamh, gach a d'fhág an clochshneachta, a alpadh.”

agus clúdóidh siad aghaidh na talún i dtreo nach bhfaighidh aon duine radharc ar an talamh; alpfaidh siad a bhfuil fágtha agat tar éis an tsneachta agus alpfaidh siad gach crann leat dá bhfásann ar na bánta.

Na lócaistí, níl rí orthu, ach máirseálann siad go léir faoi dhea-eagar.

Cibé rud a d'fhág an gearrthóir d'alp an lócaiste é agus cibé rud a d'fhág an lócaiste d'alp an preabaire é agus cibé rud a d'fhág an preabaire d'alp an scriostóir é.

Tabharfaidh mé daoibh a dhá oiread den mhéid a d'ith an lócaiste agus an preabaire agus an scriostóir agus an gearrthóir, m'arm mór a chuir mé in bhur n‑aghaidh.

Nuair a bhí féar na tíre go léir nach mór alptha acu, dúirt mise: “A Thiarna Dia, tabhair maithiúnas, impím ort. Cad é mar a mhairfidh Iacób agus é chomh beag sin?”

Sheol sé teachtairí ag gairm Balám mac Bheór, i bPatór ar an Abhainn, i dtír chlann Amau, á rá: “Féach tá an dream seo tagtha as an Éigipt agus tá lámh tugtha acu thar chlár na talún; tá curtha fúthu acu ar mo thairseach.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí