Ansin dúirt an Tiarna le Maois: “Isteach leat i láthair Fhorainn mar is mise a chruaigh a chroí agus croíthe a shearbhóntaí i dtreo go dtaispeánfainn na comharthaí seo liom ina measc:
Agus dúirt an Tiarna le Maois: “Nuair a fhillfidh tú ar an Éigipt, féach chuige go ndéanfaidh tú os comhair Fhorainn na miorúiltí go léir a chuir mé ar do chumas; ach cruafaidh mise an croí ann i dtreo nach scaoilfidh sé leis an bpobal.
Ní éisteoidh Forann libhse; agus leagfaidh mise dá bhrí sin mo lámh ar an Éigipt agus seolfaidh mé mo shluaite, mo phobal, clann Iosrael amach as tír na hÉigipte le héachtaí breithiúnais.
Ansin chuir Forann fios ar Mhaois agus ar Árón agus dúirt leo: “Admhaím mo pheaca an turas seo! Tá an Tiarna sa chóir agus mise agus mo mhuintir san éagóir.
“Dhall sé a súile, agus chruaigh sé a gcroí, chun nach bhfeicfidís lena súile agus nach dtuigfidís lena gcroí, agus go n‑iompódh siad agus go leigheasfainn iad.”
Arís sa scrioptúr deir sé le Forann: “Is chuige seo go díreach a d'ardaigh mé thú chun feidhm a bhaint asat le mo chumhacht a thaispeáint agus m'ainm a fhógairt ar fud an domhain go léir.”
Ba é deonú an Tiarna a gcroíthe a chruadh chun go rachaidís chun catha in aghaidh Iosrael d'fhonn go gcuirfí gan taise faoin mbang iad agus go scriosfaí iad mar a d'ordaigh an Tiarna do Mhaois.