Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Eaxodus 1:22

An Bíobla Naofa 1981

Ansin thug Forann ordú dá mhuintir go léir: “Gach gin mhic a bhéarfar do na hEabhraigh, caithigí san abhainn é; ach ligigí do na hiníonacha go léir maireachtáil.”

Féach an chaibidil Cóip

11 Tagairtí Cros  

Dhá bhliain shlána ina dhiaidh sin, rinneadh taibhreamh d'Fhorann. Bhí sé ina sheasamh ag an Níl.

D'athraigh sé a gcroí siúd ionas gurbh fhuath leo a phobal, agus gur bhaineadar mealladh as a sheirbhísigh.

“Nuair a bhíonn sibhse,” ar sé, “ag déanamh curam mná cabhartha do mhná na nEabhrach, agus nuair a fheiceann sibh iad ar a leaba seoil, más mac a bhíonn ann maraígí é; más iníon, bíodh a hanam aici.”

D'oscail, d'fhéach, agus chonaic an leanbh fir, agus bhí an leanbh ag gol; bhí trua aici dó agus dúirt: “Leanbh le duine de na hEabhraigh é seo!”

(Óir tá siad ar cosa in airde chun an oilc, agus deifir orthu le fuil a dhoirteadh.)

Is dian é an cuthach agus is tréan í an fhearg, ach cé sheasódh an fód in aghaidh an fhormaid?

Ní théann aon chodladh orthu gan olc a dhéanamh; fágtar gan codladh iad mura mbíonn duine ar lár acu;

D'imir an rí seo calaois ar ár gcine. Rinne sé leatrom ar ár sinsir agus chuir d'fhiacha orthu a leanaí a chaitheamh amach i dtreo nach mairfidís.

Trí chreideamh choimeád a thuismitheoirí Maois i bhfolach ar feadh trí mhí nuair a rugadh é. Óir chonaic siad gur bhreá an leanbh é agus níorbh eagal leo ordú an rí.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí