Ansin labhair rí na hÉigipte le mná cabhartha na nEabhrach - bhí Sifreá mar ainm ar bhean acu, agus Púá ar an mbean eile.
agus d'fhágadar an saol go searbh acu le saothar dian i mbun moirtéil agus brící agus gach sórt saothair sna goirt; bhrúdar gach sort saothair orthu.
“Nuair a bhíonn sibhse,” ar sé, “ag déanamh curam mná cabhartha do mhná na nEabhrach, agus nuair a fheiceann sibh iad ar a leaba seoil, más mac a bhíonn ann maraígí é; más iníon, bíodh a hanam aici.”
“Eabhrach is ea mé,” an freagra a thug sé orthu, “agus is é an Tiarna, rí na bhflaitheas, an té a rinne an fharraige agus an talamh tirim, a adhraim.”
Ach thug sí suas ar dhíon an tí iad agus chuir i bhfolach iad faoi ghasa lín a bhí leagtha ina sraitheanna aici ar an díon.